Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 5:18-28 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

18. Oir a deirim ribh go firinneach, No go ndeachaidh neamh agus talamh thort, ní rachaidh éan iota na áonphunc don dligheadh thort, nó go gcoimhlíontar gach éin ní.

19. Ar a nadhbharsin giodh bé neach bhrisfeas áonaithne do na haitheantaibh robheagaso, agus theagaisgfeas na dáoine mar sin, goirfidhthear dhe an duine is lúgha a rioghachd neimhe: achd giodh bé neach dhéanas agus theagaisfeas iád, goirfidh thear duine mór dhe a rioghachd neimhe.

20. Oír a deirim ribh, Muna sáruighidh bliur bhfíreantachdsa fíreantachd na sgríobuigheadh agus na phairisíneach, nach rachdaói a steach sa bhflaitheas neamhdha go bráth.

21. Do chúalabhair go ndubhradh ris na seinnsearaibh, Na déuna dúnmharthadh; agus gidh bé do dhéanas dúnmharbhadh biaidh sé cionntach ó bhreitheamhnas:

22. Achd a deirimsi ribh, Gach neach do ní fearg re na dhearbhráthair gan adhbhar budh cionntach don bhreitheamhnus é: agus gíodh bé neach a déaruidh ré na dhearbhráthair, Raca, budh cionntach do bhreith na comhairle é: agus giodh bé a déaruidh, A amadain, budh cionntach é do theinigh ifeirn.

23. Uime sin ma thugann tú do thabhartus chum na lialtóra, agus go gcuimhneochaidh tú ann sin go bhfuil ní ar bith ag ad dhearbhrathair a daghaidh;

24. Fágaibh do thabhartus ann sin a bhfiaddhnuisi na haltóra, agus imthigh; agus ar tús réidhigh réd dhearbhrathair, agus tar éisi sin ar dteachd duit tabhair uáit do thiodlacadh.

25. Réidhigh go lúath réd easgcaruidm an feadh bhiás tú na fhochair sa tslighe; deagla go dtiobhradh teascara don bhreitheamh thú, agus go dtiobhradh an bhreitheamh thú don mháor, agus go dteilgfidhthi a bpríosún thú.

26. A deirim riot go fírinneach, Nach rachaidh tú as sin a mach, nó go míoca tú an fheórling dheigheanach

27. Do chúalabhair go ndubhradh ris na seinsearaibh, Ni dhéana tú adhaltrannas:

28. Achd a deirimsi ribh, Giodh bé neach fhéuchas air mhnáoi chum a sanntaighthe go ndearnuidh sé adhaltrannas lé cheana ann a chroidhe.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 5