Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 5:1-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus an tan chunnairc an slúagh, do chuáidh sé súas ar shliabh: agus ar suighe dhó tangadar a dheisgiobuil chuige:

2. Agus ar nosgladh a bhéil dhó, do theagaisg sé iád, ag rádh,

3. Is beannuighthe na boichd a sbioruid óir is leó ríoghachd neimhe.

4. Is beannuighthe na daóine do ní dobhrón: óir do gheabha said sólás.

5. Is beannuighthe na daóine ceannsaighe: óir bíaidh oighreachd na talmhan aca.

6. Is beannuighthe an dream air a bhfuíl ocras agus tart na córa: óir sáiseochthar iád.

7. Is beannuighthe na daóine trócaireacha: óir do gheabha said trócaire.

8. Is beannuighthe na daóine na dáoine atá glan ná gcroidhe: óir do chífidh said Día.

9. Is beannuighthe luchd na siothchána do dhéanamh: óir goirfidhthear clan Dé dhiobh.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 5