Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 9:31-37 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

31. Oír do theagaisg sé a dheisciobail féin, agus a dubhairt sé ríu, Do bhéurthar Mac an duine a lámhuibh na ndáoine, agus cuirfid chum báis é; agus tar éis a mharbhadh, éiréochuidh sé an treas lá.

32. Achd níor thuigeadar an comhrádhsa, agus do bhí eagla orrtha a fhíafruighe dheisean.

33. Agus táinic sé go Capernáum: agus air mbeith a dtigh dhó do fhíafruigh sé dhíobh, Créd do bhí aguibh dhá thagra eadruibh féin air a tslighe?

34. Achd do thochdadarsan: óir do bhádar ag tagra a naghaidh a chéile air a tslighe, Cía aca budh mhó.

35. Agus ar suidhe dhó, do ghoir sé an dá fhear dhéug chuige, agus a dubhairt sé ríu, Gidh bé neach lé nab mían bheith a dtosach, búdh é bhus déighionuigh do chách uile, agus bhus sierbhíseach dhóibh uile.

36. Agus ar mbreith ar leanabh dhó, do chuir sé ann a lár é: agus ar na ghabháil ann a uchd, a dubhairt sé ríu,

37. Gidh bé neach ghéubhus chuige áon dá leitheidibh so do leanbuibh am mainmsi, gabhuidh sé misi chuige: agus gidh bé neach ghéubhus misi chuige, ni misi ghabhus sé chuige, achd an té do chuir úadh mé.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 9