Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 9:1-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus a dubhairt sé ríu, Go fírinneach a deirimsi ribh, Go bhfuil cuid dá bhfuil na seasamh ann so do lathair, nach blaisdi bás, no go bhfaicid síad ríoghachd Dé ag teachd maille ré cumhachduibh.

2. Agus a gcionn sé lá na dhíaighsin, rug Iósa Peadar, agus Séumas, agus Eóin leis, agus do thréoruigh sé íad na náonar fá leith go slíabh ro árd: agus do háthruigheadh a chrúth na bhfíadhnuisi:

3. Agus do bhádar a éaduighe dealruighach, rógheal mar an sneachta; a gcrúth nách éidir lé háon ghlanadóir éaduighe ar talumh a ngealadh.

4. Agus do taidhbhreadh dhóibh Elías maille ré Máoisi: agus do bhádar ag comhrádh ré Híosa.

5. Agus ar bhfreagra do Pheadar a dubhairt sé ré Híosa, A Mhaighisdir, is maith sinne do bheith ann so: ar a nadhbharsin déunam trí botha; both dhuitsi, agus both do Mháoisi, agus both Délías.

6. Oír ní raibh a fhios aige créd do laibhéoradh sé; óir do bhádar ar crith ré heagla.

7. Agus do éirigh néull do chur sgáile na dtimcheall: agus táinic gúth as an néull, ag rádh, Ag so mo Mhac gradhachsa: éisdigh ris.

8. Agus ar bféachain na dtimcheall, go hobann dóibh, ní fhacadar éin neach as sin súas, achd Iósa na áonar na bhfochair.

9. Agus ag teachd dóibh a nuas on tslíabh, do áithin sé dhíobh gan na neithe do chonncadar dinnisin déin neách, no go neiséirgheadh Mac an duine ó mharbhuibh.

10. Agus do chongmhadar an glór sin aca féin, dá fhiafruighe dhá cheile Créad is ciall dó súd eiseirghe ó mharbhaibh.

11. Agus do fhíafruigheadar dheisean, ag rádh, Créd fá nabruid na sgriobuidhe gur ab éigean Elías do theachd ar tús?

12. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, Tig Elías go deimhin ar tús, agus aiséochaidh sé gach uile ní; agus mar a tá sgríobhtha a dtimcheall Mhic an duine, Go gcaithfeadh sé mórán dfulang, agus bheith fá neimhchion.

13. Achd a derimsi ribh, Go dtáinic Elías go deimhin, agus go ndearnadar ris gidh bé ní do thogradar, mar a tá sgríobhtha air.

14. Agus ar dteachd dó chum a dheisciobal, do chonnairc sé slúagh mór ná dtimcheall, agus ná sgríobuidhe ag diosbóireachd ríu.

15. Agus ar an mball, a bhfacaidh an slúagh uile é, do ghabh úathbhás íad, agus ag rith chuige do chuireadar failte roimhe.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 9