Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 8:17-33 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

17. Agus ar ná áithne sin Díosa, a dubhairt sé ríu, Créd do bheir ag diosbóireachd sibh, ar son nach bhfuilid aráin aguibh? a né nach fios díbh fós, agus nach dtuigthí? an bhfuilid croidheadh crúaidhe aguibh fos?

18. O a táid súile aguibh, Créd fá nach bhfaicthí? agus ó táid clúasa aguibh, Créd fá nach ccluintí, agus nach ccuimhnighthí?

19. An tan do bhrís me na cúig aráin ar na cúig mhíle, ga mhéud clíabh lán do bhíadh brisde do thógabhair? A deiridsean ris, Dhá chlíabh dhéug.

20. Agus a núair do bhris mé na seachd naráin ar na ceithre mhílefear, gá mhéud clíabh lán do bhíadh brisde do thógabhair? Agus a dubhradarsan, A seachd.

21. Agus a dubhairt seisean ríu, Cionnas nách dtuigthí na neithesi?

22. Agus táinic sé go Betsaida; agus tugadar dall chuige, agus do íarradar air búain ris.

23. Agus ar mbreith ar láimh an doill dó, do threóruigh sé as an mbaile a mach é: agus ar gcur a sheile ar a shúilibh, agus ar gcur a lámh air, do fhíafruigh sé dhe an bhfacuidh sé én ní.

24. Agus ar dtógbhail a shúl súas dósan, a dubhairt sé, Do chím dáoine ag siobhal, mar chranna.

25. Na dhíaigh sin, do chuir sé a lámha a rís ar a shúilibh, agus tug sé fá deara dhó a shúile do thógbhail súas: agus do haiseagadh a radharc dhó, agus do chonnairc sé cách uile go soilléir.

26. Agus do chuir sé dhá thigh féin é, ag rádh, Na himthigh don bhaile úd a sdeach, agus ná hinnis so déanduine sa bhaile.

27. Agus do chúaidh Iósa, agus a dheiscionail a mach, go bailtibh Sesáréa Philippi: agus do chuir sé ceisd ar a dheisciobluibh ar a tslighe, ag rádh ríu, Cred a deirid na ndáoine cía misí?

28. Achd do fhreagradarsan, Eóin Baisde: agus cuid eile, Elias; agus cuid eile, Aon do na fáidhibh?

29. Agus a dubhairt seisean ríu, Achd créd a deirthísi cía mé? Ar bhfreagra do Pheadar, a dubhairt sé ris, As tú Críosd.

30. Agus do bhagair sé orrtha gan innse deinneach dá tháobh féín.

31. Agus do thionnsgain sé a dteagasg, gur ab éigin do Mhac an duine morán dfhulang, agus a dhíultadh ó na sinnsearuibh, agus ó úachdaránuibh na sagart, agus ó na sgríobuidhibh, agus a mharbhadh, agus éirghe a rís a gcionn trí lá.

32. Agus do labhair sé an glórsa ós áird. Agus ar mbreith do Pheadar air, do thionnsgain sé achmhusán do thabhairt dó.

33. Achd ar gcasadh dhósan agus ar bhfhéachain ar a dheisciobluibh, do imdhearg se Peadar, ag rádh, Imthigh am dhíaigh, a Shatáin: óir ní thuigeann tú na neithe bheanas ré Día, achd na neithe bheanas ré dáoinibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 8