9. Agus a dubhairt sé ríu, Is maith churtháoi ar gcúl aithne Dé, ionnas go gcoimhéudfadh sibh bhur ngnáthughadh féin.
10. Oír a dubhairt Máoisi, Onóruigh hathair agus do mháthair féin; agus, Gidh bé a déara olc ré na athair nó ré na mháthair, cuirthear chum báis é:
11. Achd a deirthísi, Dá nabradh éin neach ré na athair ní ré na mháthair, Corbán (éadhón, an tiodhlacadh,) do bheirimsi úaim; rachaidh sé a dtarbha dhuitsi.
12. Agus ní léigthí dhó as sin a mach ní sa mhó do dhéunamh dá athair no dhá mháthair féin;
13. Ag cur bhréithre Dé ar gcúl leis an ngnáthughadh do órduigheabhair féin, agus is mór dá leitheidibh so do níthí.
14. Agus ar ngairm an tslúaigh uile chuige, a dubhairt sé ríu, Eisdigh riumsa uile, agus tuigidh:
15. Ní bhfuil ní ar bith ar an dtáobh a muigh don duine, théid a sdeach ann lé nab éidir a shalchadh: achd na neithe thig as a mach, as íad sin na neithe shalchas an duine.
16. Gidh bé agá bhfuilid clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé.
17. Agus an tan do chúaidh sé a sdeach a dtigh ón tslúagh, do chuireadar a sheisciobuil ceisd air a dtimcheall na cosamhlachda.