Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 7:26-37 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

26. (Do budh Gréugach an bhean, Sirophenissa do chinéul;) agus do ghuidh sí é an deamhan do theilgean a mach as a hinghin.

27. Achd a dubhairt Iósa ría, Fulaing ar tús an clann do sháithiughadh: oír ní hiomchubhuigh arán na cloinne do ghlacadh, agus a theilgean chum na gcoiléun.

28. Achd do fhreagair sisi, agus a dubhairt sí ris, Is fíor sin, a Thighearna: gidheadh ithid na cuiléin fáoi an mbórd ní do sbrúileach na leanabh.

29. Agus a dubhairt seisean ríasi, Ar son na cainnti so imthigh romhad; do chúaidh an deamhan a mach as hinghin.

30. Agus do chúaidh sí dhá tigh, agus fúair sí an deamhan a nimtheachd, agus a hinghean na luighe ar a leabuidh.

31. Agus do fhill sé a ris ó theórannuibh Thíruis agus Shídon, agus táinic sé go fairrge na Galilé, tré lár chríochaibh Dhecapolis.

32. Agus tugadar duine bodhar balbh chuige; agus do íarradar air a lámh do chur air.

33. Agus ar na bhreith leis fó leith ón phobal, do chuir sé a mhéir ann a chlúasaibh, agus ag seileagh dhó, do bhean sé ré na theanguidh;

34. Agus ar bhféachain súas ar neamh, do léig sé osnadh, agus a dubhairt sé ris, Ephphatha, éadhon, Bí osgailte.

35. Agus ar an mball do hosgladh a chlúasa, agus do sgáoileadh cuibhreach a theangadh, agus do labhair sé go ceart.

36. Agus do aithin sé dhíobh gan sin dinnisin déainneach: achd ni bhfuil dá mhéud dá dtoirmíosgadh seisean, nach móide go mor dfoillsighidsion é;

37. Agus do ghabh iongantus romhór íad, agus a dubhradar, Do rinne sé gach uile ní go maith: do bheir sé fá deara go gcluinid na bodhair, agus go labhruid na bailbh.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 7