Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 5:34-43 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

34. Agus a dubhairt seision ría, A inghean, do shlánuigh do chréideamh thú; imthigh a síothcháin, agus bí slán od phláigh.

35. Agus ar mbeith dhósan ag labhairt, tigid dáoine ó thigh úachdaráin na sinagóige, ag rádh, Fúair hinghean bás: créd fá gcuireann tú búaidhreadh ar an Maighisdir feasda?

36. Agus mar do chúalaidh Iósa an comhrádh so a ubhradh, a dubhairt sé ré húachdarán na síonagóge, Na bíodh eagla ort, creid a mháin.

37. Agus níor fhulaing sé neach ar bith dhá leanmhuin, achd Peadar, agus Séumus, agus Eóin dearbhráthair Shéumuis.

38. Agus táínic sé go tigh úachdaráin na siónagóige, agus do chonnairc sé an bhúaidhreadh, agus íad ag gul agus ag cáoineadh go mór.

39. Agus ar ndul a steach, a dubhairt sé ríu, Créd fá bhfuil búaidhreadh oruibh, agus créd fá nguiltí? ni bhfúair an cailín bás, achd is na codladh a tá sí.

40. Agus do rinneadarsan fónamhad fáoi. Achd cheana ar gcur cháich uile a mach dhósan, beiridh sé athair agus máthair an chailín leis, agus an dream do bhí na fhochair féin, agus téid sé a sdeach mar a raibh an cailín na luighe.

41. Agus air mbreith dhó air láimh an chailín, a dubhairt sé ria, Talita cúmi; is é sin, ar na eidirmhínigheadh, A chailín a deirim riot, éirigh:

42. Agus do éirigh an cailín ar an mball, agus do shiubhail sí; óir do bhí sí a gcionn a dá bhlíadhan déug. Agus do ghabh úathbhás romhór íadsan.

43. Agus do aithin sé dhíobh do roighéur, gan a fhios so do thabhairt déanduine; agus a dubhairt sé ní do thabhairt don chailín ré a ithe.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 5