Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 3:3-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Uime sin tháinic sé ar feadh na dúithche a dtimcheall Iórdan, ag seanmóir bhaisdigh na haithrighe chuin maithmbeachuis na bpeacadh;

4. Mar a tá sgríobhtha a leabhar comhráidhteagh Esaías fáidh, a deir, Guth an té éighmheas ar an bhfásadh, Ullmhuighidh slighe an Tighearna, déanuidh a chasáin díreach.

5. Líonfuidhear gach uile ghleann, agus ísleochthar gach uile sliabh agus chnoc; agus béid na neithe cama díreach, agus na slighthe garba mín;

6. Agus do chífi gach uile fheoil slanughadh Dé.

7. Uime sin a dubhairt sé rís a tslúagh tháinic a mach do chum go mbaisdfeadh seisean íad: A shliochd na naithreach neimhe, cía thug rabhadh dhaóibh teitheadh ón fheirg a tá ag teachd?

8. Ar a nadhbharsin tabhraidh tórrtha bhus iomchubhaidh don naithrighe úaibh, agus ná tionsgnaidh a rádh ionnaibh féin, A tá Abraham na athair aguinn: oír a deirimsi ribh, Gur ab éidir lé Dia clann do dhúsachd as na clochmibhse féin D'abraham.

9. Agus a tá an tuáigh a nois fós ar na cur chum fréimhe na gcrann: ar a nadhbharsin gach uile chrann nach dtabhair toradh maith gearrthar é, agus teilgthear sa teinidh é.

10. Agus do fhíafruigh an slúagh nile dhe, ag rádh, Ar a nadhbharsin créud do dheunam?

11. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, An té agá bhfuil dá chóta, roinneadh ris an té ag nach bhfuil; agus gidh bé agá bhfuil bíadh, déanadh sé mar an gcéudna.

12. Agus tangadar na puibliocáin mar an gcéudna ionnus go mbaisdfidhe íad, agus a dubhradar ris, A mhaighisdir, créud do dhéunáimné?

13. Agus a dubhairt seision ríu, Na déunuidh ní sa mhó ná do horduigheadh dhaóibh.

14. Agus do chuireadar na saighdiúirígh fós ceisd air, ag rádh, Agus créad do dhéunuimne? agus a dubhairt seisean ríu, Ná déunaidh foiréigean ar dhuine ar bith, agus ná hagraidh duine ar bith go heugcórach agus go madh lór libh bhur dtúarasdal féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 3