16. Do fheagair Eóin, ag rádh ríu uile, Baisdeamsa sibh go deimhin lé huisge; achd a tá neach is nearthmhuire ná misi ag teachd, ag nach fiú mé íallach a bhróg do sgáoileadh: baisdfidh seision sibh leis an Spiorad Náomh agus lé teinidh:
17. Aga bhfuil a chríathar an a láimh, agus glanfidh sé a urlár féin, agus cruinnéochuidh sé an chruithneachd dá sgiobol féin; achd loisgfidh sé an cháith lé teine nách eidir a mhúchadh.
18. Agus ag teagasg mhóráin eile fós dó do mhinigh sé an siosgéul don phobal.
19. Agus ar gcur an aghaidh Iórúaith an Téatrarca dhó, fá Heródias bean Philip a dhearbhrathar, agus fá gach uile olc dá ndearna Iorúaith,
20. Do chuir sé so leis do bhárr ar gach ní, gur dhúin sé ar Eóin a bpríosún.
21. Agus tárla, an tan do baisdeadh an pobal uile, agus do bhí Iósa agá bhalsdeadh, agus ag déanamh úrnaighthe, gur bosgladh neamh,
22. Agus gur thuirrling an Spiorad Náomh a bhfioghair chorpardha mar cholum air, agus do dtáinic guth ó neamh, ag rádh, Is tú mo Mhac grádhachsa; is ionnadsa a tá mo dheaghthoil.