Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 3:14-30 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

14. Agus do chuireadar na saighdiúirígh fós ceisd air, ag rádh, Agus créad do dhéunuimne? agus a dubhairt seisean ríu, Ná déunaidh foiréigean ar dhuine ar bith, agus ná hagraidh duine ar bith go heugcórach agus go madh lór libh bhur dtúarasdal féin.

15. Agus ar mbeith ag feitheamh don phobal, agus ag smúainiughadh dhóibh uile an a gcroidhthibh a dtimcheall Eóin, nar bheisean Chríosd,

16. Do fheagair Eóin, ag rádh ríu uile, Baisdeamsa sibh go deimhin lé huisge; achd a tá neach is nearthmhuire ná misi ag teachd, ag nach fiú mé íallach a bhróg do sgáoileadh: baisdfidh seision sibh leis an Spiorad Náomh agus lé teinidh:

17. Aga bhfuil a chríathar an a láimh, agus glanfidh sé a urlár féin, agus cruinnéochuidh sé an chruithneachd dá sgiobol féin; achd loisgfidh sé an cháith lé teine nách eidir a mhúchadh.

18. Agus ag teagasg mhóráin eile fós dó do mhinigh sé an siosgéul don phobal.

19. Agus ar gcur an aghaidh Iórúaith an Téatrarca dhó, fá Heródias bean Philip a dhearbhrathar, agus fá gach uile olc dá ndearna Iorúaith,

20. Do chuir sé so leis do bhárr ar gach ní, gur dhúin sé ar Eóin a bpríosún.

21. Agus tárla, an tan do baisdeadh an pobal uile, agus do bhí Iósa agá bhalsdeadh, agus ag déanamh úrnaighthe, gur bosgladh neamh,

22. Agus gur thuirrling an Spiorad Náomh a bhfioghair chorpardha mar cholum air, agus do dtáinic guth ó neamh, ag rádh, Is tú mo Mhac grádhachsa; is ionnadsa a tá mo dheaghthoil.

23. Agus do bhí Iosa féin a dtimchioll a dheichmblíadhan fichead dáois, ar mbeith (do réir bhreathnuighthe na ndáoine) na mbac ag Ióseph, mhic Héli,

24. Mhic Matthat, mhic Lébhi, mhic Melchi, mhic Ianna, mhic Ioseph,

25. Mhic Matatías, mhic Amos, mhic Náum, mhic Esli, mhic Nagge,

26. Mhic Máat, mhic Matatías, mhic Sémei, mhic Ióseph, mhic Iúda,

27. Mhic Ioanna, mhic Résa, mhic Sorobábel, mhic Salatíel, mhic Néri,

28. Mhic Melchí, mhic Addi, mhic Cósam, mhic Elmodam, mhic Er,

29. Mhic Ióse, mhic Eliéser, mhic Iórim, mhic Matthat, mhic Lébhi,

30. Mhic Siméon, mhic Iúda, mhic Ióseph, mhic Iónan, mhic Eliácim,

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 3