Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 24:38-48 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

38. Agus a dubhairt seision ríu; Créd fá bhduilti ar bhar mbúaidhreadh, agus créd fá a néirghid smúaintighe ann bhar gcroidhthibh?

39. Feuchaidh mó lámha agus mó chosa, óir is misi féin atá ann: glacaidh, agus féuchaidh mé; oír ní bhfuil féoil na cnámha ag spioruid, mar do chithi agamsa.

40. Agus an tan a dubhairt sé na neithesi do thaisbéin sé dhóibh a lámha agus a chosa.

41. Achd ar mbeith míchreidmheach dhóibhsion fós tré gháirdeachas, agus ag déanamh iongantais, a dubhairt seision ríu, An bhfuil bíadh ar bith agaibh ann so?

42. Agus tugadarsan do cuid díasg rósduighe, agus cuid do chír mheala.

43. Agus ar na nglacadh dhósan, dúaidh sé na bhfiafhnuisision íad.

44. Agus a dubhairt sé ríu, Ag so na briathar do labhair mé ribh, a núair do bhí mé fós bhar bhfochair, gur ab éigin na huile neithe atá sgríobhtha a reachd Mháoisi, agus ann sna fáighibh, agus ann sna salmuibh, am thimcheallsa do choimhlíonadh.

45. Ann sin dosguil sé a ttuisge, ionnus go dtuigfidís na sgrioptúir,

46. Agus a dubhairt sé ríu, Gur mar so do bhi sé sgríobhtha, agus gur mar so dob éigin do Chríosd fulang, agus éiseirghe ó mharbhuibh an treas lá:

47. Agus aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do dheanmóir an ainm do na huile chinidheachuibh, ag tionnsguadh ó Iérusalém.

48. Agus is sibhsi fiadhnuiseadha na neitheannsa.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 24