31. Agus so hosgladh a súilesion, agus daithnidheadar eision; agus do tóghbadh as a namharc é.
32. Agus a dubhradarsan eatarra féin, A né nach rabhadar ar gcroidhthe ar lasadh ionnuinn, an feadh do bhí sé ag labhairt rinn ar a tslighe, agus an tan do osguil sé dhuinn na sgrioptúiridh?
33. Agus ar néirghe dhoibh ar a núairsin féin, dfilleadar go Híarusalém, agus fúaradar an téinfhear deúg cruinn a bhfochair a chéile, agus an dream do bhí maille ríu,
34. Ag rádh, Déirigh an Tighearna go firinneach, agus taisbéanadh do Shíomón é.
35. Agus dinnisiodarsan na neither do rinneadh ar a tslighe, agus mar do aithnidheadar é a mbriseadh a naráin.
36. Agus agá labhairt so dhóibhsion, do sheas Iósa féin ann a lár, agus a dubhairt sé ríu, Siocháin maille ribh.