Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 24:28-37 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

28. Agus do dhruideadar ris an mbaile, ann a rabhadar ag dul: agus do léig seision air go rachadh sé ní is faide.

29. Achd do choimhéignigheadarsan é, ag rádh, Fan aguinne, óir atá sé na thrath nona, agus is deireadh láoi atá ann. Agus do chúaidh se a sdeach dfuireach aca.

30. Agus tárla, an tan do chuidh sé chum bí na bhfochair, ar mbreith ar a narán; go rug sé buidheachas, agus ar na bhriseadh, tug sé dhóibhsion é.

31. Agus so hosgladh a súilesion, agus daithnidheadar eision; agus do tóghbadh as a namharc é.

32. Agus a dubhradarsan eatarra féin, A né nach rabhadar ar gcroidhthe ar lasadh ionnuinn, an feadh do bhí sé ag labhairt rinn ar a tslighe, agus an tan do osguil sé dhuinn na sgrioptúiridh?

33. Agus ar néirghe dhoibh ar a núairsin féin, dfilleadar go Híarusalém, agus fúaradar an téinfhear deúg cruinn a bhfochair a chéile, agus an dream do bhí maille ríu,

34. Ag rádh, Déirigh an Tighearna go firinneach, agus taisbéanadh do Shíomón é.

35. Agus dinnisiodarsan na neither do rinneadh ar a tslighe, agus mar do aithnidheadar é a mbriseadh a naráin.

36. Agus agá labhairt so dhóibhsion, do sheas Iósa féin ann a lár, agus a dubhairt sé ríu, Siocháin maille ribh.

37. Achd ar mbeith dhóibhsion ar crith agus lán deagla, do sháoileadar gur spiorad do chunncadar.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 24