16. Achd do cungmhadh a súilesion, ionnus nach aitheonchaidís é.
17. Agus a dubhairt sé ríu, Créd íad na comhraitesi air a bhfuiltí ag teachd cadruibh féin, ag siobhal dibh, agus sibh go bronach?
18. Agus ar bhfeagra do neach díobh, dar bhainm Cléophas, a dubhairt sé ris, An bhfuil tusa ad áonar ad choigcrigheach a Niarusalém, agus gan fios na neitheann do rinneadh innte ann sna láethibhsi agad?
19. Agus a dubhairt seision ríu, Créd iad na neithe? Agus a dubhradarsan ris, Na neither tháobh Iósa Nasardha, do bhí na fhaigh chumhachdach a ngniómh agus a mbreithir a bfiadhnuisi Dé, agus an phobuil uile:
20. Cionnas tugadar na hárdsagairt, agus ar núachdarainne é chum breithe bháis do bhreith air, agus do chrochadar é.
21. Achd do bhí ar súilne gur bheision an té dfuaisgéoladh Isráel: agus leith amuich dhíobh so uile, a sé níu an treas lá ó rinneadh na neithesi.
22. Agus mar an gcéadna, mná áirighe dhínn féin tháinic go moch chum a túama, do chuireadar úathbhás oruinn;
23. Agus mar nach bhfuaradar a chorpsan, tangadar, ag rádh, go bhfacadar féin fós taidhbhsi aingeal, a deir go bhfuil sé na bheathaigh.
24. Agus do chuadar dream áirighe dhá rabh maille rinne chum an túama, agus fuaradar mar a dubhradar na mná: achd ní fhacadar eision.