Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 24:11-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Agus do cheasadarsan a mbríathra mar éadruime cheille, agus nior chreideadar dhóibh.

12. Agus ar néirghe do Pheadar, do rioth sé chum an túama; agus an tan a dféuch sé a sdeach, do chunnairc sé an linéadach na luighe leis féin, agus dimthigh sé, ag déanamh iongantais leis féin fán ngíomhsa.

13. Agus, féuch, do chúadar días diobhsan an lásin féin go baile atá trí fithchid sdáide ó Iérusalém, dar ab ainm Emmáus.

14. Agus do bhádar ag labhairt eatarra féin ar na neithibhsi uile tarla ann.

15. Agus tárla, ar mbeith ag comhrádh dhóibh agus ag ceasdúghadh ré chéile, go dtáinic Iósa féin, agus gur shiubháil sé léo.

16. Achd do cungmhadh a súilesion, ionnus nach aitheonchaidís é.

17. Agus a dubhairt sé ríu, Créd íad na comhraitesi air a bhfuiltí ag teachd cadruibh féin, ag siobhal dibh, agus sibh go bronach?

18. Agus ar bhfeagra do neach díobh, dar bhainm Cléophas, a dubhairt sé ris, An bhfuil tusa ad áonar ad choigcrigheach a Niarusalém, agus gan fios na neitheann do rinneadh innte ann sna láethibhsi agad?

19. Agus a dubhairt seision ríu, Créd iad na neithe? Agus a dubhradarsan ris, Na neither tháobh Iósa Nasardha, do bhí na fhaigh chumhachdach a ngniómh agus a mbreithir a bfiadhnuisi Dé, agus an phobuil uile:

20. Cionnas tugadar na hárdsagairt, agus ar núachdarainne é chum breithe bháis do bhreith air, agus do chrochadar é.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 24