Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 17:4-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Agus má pheacaigheann sé ad aghaidh seachd nuáire sa ló, agus go bhfillfe sé chugad seachd nuáire sa ló, ag rádh, Atá aithreachas oram; tabhair maitheamhnus dó.

5. Agus a dubhradar na heasbuil ris, A Thighearna, méuduigh ar gcreideamh.

6. Agus a dubhairt an Tighearna, Dá mbeith oiread ghráinne musdaird do chreideamh aguibh, déaradh sibh ris a gcrann sicaminso, Eirigh as do fhréamhach, agus curthar an sa bhfairge thú; agus do umhlochadh sé dhaóibh.

7. Agus cía aguibh, agá bhfuil searbhfhoghantuidhe a treabhadh no a coimhéd treada, lé a naibéoradh sé ar an mball, an tan do thiocfadh sé ón bhfearann, Imthigh agus suidh sios ar an bord?

8. Achd a né nach aibéora sé ris, Ullmhuigh an ní íosas mé ar mo shuiper, agus cuir do chrios thort, agus fritheóil damhsa, no go nithe mé agus go nibhe mé; agus tar éisi sin ithsi agus ibh?

9. An mbía buidheachas aige ar a tsearbhfhoghantuidhe úd do bhrigh go ndearna sé na neithe do haithneadh dhe? Ní shaóilim gormbía.

10. Augs is mar sin dáoibhsi, an tan do dhéantaói gach uile ní dár haithniughadh dhíbh, abruidh, Is searbhfhoghantuidhe neamhtharbhacha sinn: óir do rinneamar an ni do bhi dfíachaibh oruinn do dhéanamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 17