31. Ann sa lá sin, an té bhiás a tigh, agus a mháoin ann sa tighsin, ná tuirlingeadh sé chum a dtógbhála: agus an tí atá ar an machaire, na casadh sé tar a ais mar an gcéadna.
32. Cuimhnighe ar mhnáoi Lot.
33. Gidh bé neach iárrfas a anam féin do shabháil caillfidh sé é; agus gidh bé chaillfeasa anam beodhfuidh sé é.
34. A deirim ribh, béid diás a náoinleabaigh ann sa noidhche úd; geubhthar lé háon aca, agus fúighfighthear an fear eile.
35. Beid diás ban ag bróinteórachd a náoinfheachd; géubhthar lé mnáoi aca, agus fuigfighthear an dara bhean.
36. Beid diás fear ar an machaire; géubhthar lé háon aca, agus fuigfighthear an fear eile.
37. Agus ar bhfreaga dhóibhsion a deirid ris, Gá háit, a Thighearna? Agus a dubhairt seision riú, Gidh bé ball a mbíu an corp, is ann sin fós chruinneochthar na hiolair.