Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 17:15-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. Achd fear aca, mar do chuinnairc sé é féin ar na shlánughadh, dfill sé air, ag moladh Dé do ghuth mhór,

16. Agus do thuit sé ar a aghuidh agá chosaibhsean, ag breith bhuidheachais ris: agus budh Samaritánach an fearso.

17. Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé, A né nach bhfuilid deithneabhar ar na nglanadh? agus a náonbhar cáit a bhfuilid?

18. Níor frith ag filleadh do thabhairt gloíre do Dhía, achd an coigcrigheachso.

19. Agus a dubhairt sé ris, Eirigh, imthigh romhad: do shlánuigh do chreideamh thú.

20. Agus an tan dfiafruigh na Phairisinigh dhe, Cía an tráth thiocfadh riogháchd Dé, do fhreagair sé iád agus a dubhairt sé, Ní thiocfa rioghachd Dé récoimhéd.

21. Agus ní aibheóruid said, Féuch ann so! nó, féuch ann súd! oír, féuch, atá ríoghachd Dé aguibh an bhus measg.

22. Agus a dubhairt sé ré na dheisciobluibh, Tiocfuidh a naimsir, an a mbia míangus oruibh áon do laéthibh Mhic an duine dfaicsin, agus ní fhaicfithí.

23. Agus a déarúid said ribh, Féuch ann so; nó, féuch ann so: achd ná himthigh, agus na leanuidh iád.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 17