Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 11:9-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Agus a deirimsi ribh, Iarraidh, agus do bhéarthar dháoibh; lorgairigh, agus do gheabhtháoi; buailidh an doras, agus oisgéoltar dháoibh.

10. Oír gidh bé iárras glacaidh sé; agus gidh bé do ní lorgaireachd do gheibh sé; agus oísgéoltar don té bhúaileas an doras.

11. Agus cía againbhsi athair ar a níarrfadh a mhac arán, do bhéaradh cloch dhó? Nó dhá niárradh sé iásg, do bhéaradh nathair nimhe a nionad éisg dhó?

12. Nó dá niárradh sé úgh, an dtiobhradh se scorpion do?

13. Ar a nadhbharsin, más eól dáoibhsi air mbeith go holc, tiodhluice maithe do thbhairt da bhur gcloinn, an é nach mó ná sin bhéaras bhur nathairse ó neamh an Spiorad Náomh don during íarrfas air é?

14. Agus do bhí sé ag teilgean deamhain amach, do bhí balbh. Agus tárla, ar ndul don deamhan amach, gur labhair an balbhán; agus do ghabh iongnadh an slúagh.

15. Agus a dubhairt dream acasan, Is trí Bheelsébub prionnsa na ndeamhan theilgeas sé amach na deamhuin.

16. Agus dream eile, ag cur chathaighthe air, do iárradar comhartha ó neamh air.

17. Agus ar bhfaicsin a smúaintighthe, dhósan, a dubhairt sé riú, Gach rioghachd bhios roinnte na haghaidh féin do nithear fasach dhi; agus an tigh bhíos roinnte naghaidh tíghe, tuitidh sé.

18. Agus mar an gcéada dá raibh Sátan roinnte na aghaidh féin, cionnas fhanfas a rioghachd na seasamh? oír a deirthísi gur ab trí Bheelsébúb theilgimsi amach na deamhain.

19. Agus más trí Bheelsebuh sgriosaimsi na deamhuin, cía tré sgriosaid bhur gelannsa iád? Ar a nadbhharsin héid siádsan na mbhreitheamhnaibh oraibhsi.

20. Ach cheanna más le méur Dé theilgimsi amach na deamhain, gan chunntabhairt tháinic ríoghachd De chuguibhsi.

21. An tan choimhéadas duine láidir armálta a chúirt féin, atá a bhfuil aige a siothchaín:

22. Achd an tráth thig duine is neartmhaire ná é, beiridh sé búaidh air, agus tóguidh sé leis a uile armaíl ann ar chuir sé a mhuinighinn, agus roinnidh sé a eadáil.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 11