Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 11:46-54 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

46. Achd a dubhairt seision, As anáoibhinn dáoibhsi leis, a luchd dlighe! oír curtháoi úaluidhe dóiomchur ar na dáoinibh, agus ní bheantháoi féin ris na húaladhaibh lé háon da bhur méuraibh.

47. As anáoibhinn daiobh! oír tógtháoi túamuidhe na bhfáidheadh, agus a siád bhur naithreacha do mharbh iád.

48. Go deimhin do níthi fiádhnuisi go moltáoi gniómhartha bhur naithreach: oír do mharbhadarsan iád, agus do níthíse tuamuidhe dhóibh.

49. Ar a nadhbharso a dubhairt eagna Dé, Cuirfe mé fáidhe agus absdail chuca, agus muirfid siád agus géarleanfuid cuid diobh:

50. Do chum go leanfuidhe ar an gcinneadhsa, fuil na bhfáidheadh uile, do dóirteadh ó thús an domhain;

51. O fhuil Abéil go fuil Shacharías, do marbhadh éidir a naltóir agus an teampoll: go firinneach a deirim ribh, go leanfuighear é ar an gcineadhso.

52. As anáoibhinn dáoibh, a luchd dlighe! oír rugabhair libh eochair a néolais, ní dheachabhair féin a sdeach, agus do thoirmisgeabhair an dream do bhí ag dul a sdeach.

53. Agus a nnáir dubhairt sé na neithese riú, do thionnsgnadar na sgriobuidhe agus na Phairisínigh consbóid ghéar do dhéanamh ris, agus a thabhairt air labhairt ar mhórán do neithibih:

54. Ag luigheachan air, agus ag iárraidh neither éigin do ghreamughadh as a bhéul, ann a naigeóraidis é.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 11