Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 11:33-38 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

33. Ní lasann duine ar bith coinneall, chum a cur a bhfolach, nó faoi bhaiseúl, achd a gcoinnleóir, ionnus go bhfaichfidis an dream thig a sdeach an solus.

34. A sí an tsúil solus an chuirp: ar a nadhbharsin a núair bhias do shúil glan, biáidh do chorp uile soillseach; achd dá raibh do shúil go holc, biáidh do chorp mar an gcéadna dorcha.

35. Dá brígh sin tabhair haire riot nach biáidh an solus atá ionnad na dhorchadus.

36. Ar a nadhbharsin dá raibh, do chorp uile soillseach, gan éanchuid dhe dorcha, biáidh an tiomlán soillseach, amhail mar dheallruigheas coinneal thú ré na soillse.

37. Agus ar labhairt do, do chuir Phairisíneach airighe impédhe air a dhínnér do chaitheamh na fhochair: agus ár ndul a sdeach dhósan, do shuigh sé chum bídh.

38. Agus an tan do chonnairc an Phairísineach sin, dob iongnadh leis nár ionnail sé ar tús roimh dhínnér.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 11