Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 11:31-40 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

31. Eiréochuidh bainrióghan an aoibhe ó dheas a mbreitheamhnus maille ré dáoinibh an chinidhsí, agus daimneóchaidh si iád: oír tháinic sisí ó leithimlibh na talmhan déisdeachd ré heagna Sholaimh: agus, féuch, atá duine as mó ná Solamh ann so.

32. Eireóchaid luchd Niníve a mbreitheamhnus maille ris an gcineadhso, agus dainmeóchaid é: oír do rinneadarsan aithrighe ag seanmóir Iónas; agus, féuch, atá duine as mó ná Iónas ann so.

33. Ní lasann duine ar bith coinneall, chum a cur a bhfolach, nó faoi bhaiseúl, achd a gcoinnleóir, ionnus go bhfaichfidis an dream thig a sdeach an solus.

34. A sí an tsúil solus an chuirp: ar a nadhbharsin a núair bhias do shúil glan, biáidh do chorp uile soillseach; achd dá raibh do shúil go holc, biáidh do chorp mar an gcéadna dorcha.

35. Dá brígh sin tabhair haire riot nach biáidh an solus atá ionnad na dhorchadus.

36. Ar a nadhbharsin dá raibh, do chorp uile soillseach, gan éanchuid dhe dorcha, biáidh an tiomlán soillseach, amhail mar dheallruigheas coinneal thú ré na soillse.

37. Agus ar labhairt do, do chuir Phairisíneach airighe impédhe air a dhínnér do chaitheamh na fhochair: agus ár ndul a sdeach dhósan, do shuigh sé chum bídh.

38. Agus an tan do chonnairc an Phairísineach sin, dob iongnadh leis nár ionnail sé ar tús roimh dhínnér.

39. Agus a dubhairt an Tighearna rís, Go deimhin do ní sibhse a phairisineacha an táobh amuigh don chupan agus don mhéis glan; achd atá an táobh a sdigh dhíbh lán do shracaireachd agus dolc.

40. A dháoine gan chéill, a né nach é an tí do rinne an táobh a muigh do rinne an táobh a sdigh mar an gcéadna?

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 11