Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 11:19-31 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

19. Agus más trí Bheelsebuh sgriosaimsi na deamhuin, cía tré sgriosaid bhur gelannsa iád? Ar a nadbhharsin héid siádsan na mbhreitheamhnaibh oraibhsi.

20. Ach cheanna más le méur Dé theilgimsi amach na deamhain, gan chunntabhairt tháinic ríoghachd De chuguibhsi.

21. An tan choimhéadas duine láidir armálta a chúirt féin, atá a bhfuil aige a siothchaín:

22. Achd an tráth thig duine is neartmhaire ná é, beiridh sé búaidh air, agus tóguidh sé leis a uile armaíl ann ar chuir sé a mhuinighinn, agus roinnidh sé a eadáil.

23. An té nach bhfuil leamsa atá sé am aghaidh: agus gidh bé nach ccruinnigheann leamsa scabuighidh sé.

24. An tráth imthigheas an spiorad neamhglann as duine ar bith, imthigh sé trí íonaduibh tiorma, ag iárruidh suáimhnis; agus an tráth nach bhfaghann sé sin, a deir sé, Fillfidh mé doin thigh féin ó dtáinic mé.

25. Agus ar dtachd dó, do gheibh sé ar na sgúabadh agus ar na dheaghmhaisioghadh é.

26. Imthighidh sé an sin, agus beiridh sé leis seachd spioraide eile is measa ná é fein; agus ar ndol a sdeach dhóibh, do níd comhnaidhe ann sin: agus is measa deireadh an duine sin ná a thosach.

27. Agus tárla, agá rádh so dhó, gur árduigh bean áirighe don tsluágh a gúth, agus go nduibhairt sí, As beannaighe an bhrionn do iomchuir thú, agus na cíocha do dhiughail tú.

28. Agus a dubhairt seision, Achd as beannaighe an dream eisdeas briáthar Dé, agus choimhéudus é.

29. Agus an tan do chruinnidh an sluágh go tiúgh chuige, do thionsgain sé a tádh. As olc an cineadh so: iárraidh sé comhartha; agus ní tiubharthar comhartha dhó, achd comhartha Iónas fáidh.

30. Oir ambail dó bhí Iónas na chomhartha do mhuinntir Niníve, as mar sin bhiás Mac an duine mar an gcéudna don chineadhso.

31. Eiréochuidh bainrióghan an aoibhe ó dheas a mbreitheamhnus maille ré dáoinibh an chinidhsí, agus daimneóchaidh si iád: oír tháinic sisí ó leithimlibh na talmhan déisdeachd ré heagna Sholaimh: agus, féuch, atá duine as mó ná Solamh ann so.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 11