Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 11:1-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus tárla, an tan do bhí sé ag déanamh urnuighe a náit áirighe, mar do sguir sé, go ndubhairt fear áirighe dá dheisciobluibh ris, A Thighearna múin dúinne urnuighe do dhéanamh, amhail agus mar do mhúin Eóin dá dheisciobluibh féin.

2. Agus a dubhairt seision ríu, A núair do dhéantáoi urnuighe, abraidh, Ar nathair atá ar neamh, naomhthar hainin. Tigeadh do rioghachd. Déantar do thoil, ar an talamh, mar atá ar neamh.

3. Ar narán laétheamhuil tabhair dhúinn gach láoi.

4. Agus maith dhuinn ar bpeacaigh; óir maithmídne da gach áon air a bhfuil fiacha aguinn. Agus na leíg sinn a ccathughadh; achd soar inn ó olc.

5. Agus a dubhairt sé ríu cía agaibhsi agá mbíadh cara, agus go rachadh sé chuige a meadhon oidhche, agus go naibeóradh sé ris, A chara, tabhair trí haráin dhamh air iásachd;

6. Oír tháinic cara dhamh as a tslighe am ionnsuighe, agus ní bhfuil éinni again do chuirfinn na fhiadhnuisi?

7. Agus go bhfreigeóradh seision a sdigh, agus go naibeóradh sé, Na cuir búaidhreadh oram: atá an doras dúntí a nois, agus ataíd mo chlann am fhochair sa tseómra; ní fhéaduim éirghe agus a dtabhairt dhuit.

8. A deirim ribh, ar néirghe dhó, dá mbeith nach dtiobhradh sé sin úadh, ar son gur chara dhó é, gidheadh go fírinneach ar son a liosdachda do éiréochadh sé, agus do bhéaradh sé dhó an mhéid do bhiadh do riachdanus air.

9. Agus a deirimsi ribh, Iarraidh, agus do bhéarthar dháoibh; lorgairigh, agus do gheabhtháoi; buailidh an doras, agus oisgéoltar dháoibh.

10. Oír gidh bé iárras glacaidh sé; agus gidh bé do ní lorgaireachd do gheibh sé; agus oísgéoltar don té bhúaileas an doras.

11. Agus cía againbhsi athair ar a níarrfadh a mhac arán, do bhéaradh cloch dhó? Nó dhá niárradh sé iásg, do bhéaradh nathair nimhe a nionad éisg dhó?

12. Nó dá niárradh sé úgh, an dtiobhradh se scorpion do?

13. Ar a nadhbharsin, más eól dáoibhsi air mbeith go holc, tiodhluice maithe do thbhairt da bhur gcloinn, an é nach mó ná sin bhéaras bhur nathairse ó neamh an Spiorad Náomh don during íarrfas air é?

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 11