Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iudais 1:7-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Do réir mar atá Sodom agus Gomorra, agus na caithreacha na dtimchioll, noch do lean do dhrúis air an modh céudna sin, agus do lean dainmhíanuibh coimhthigheacha na colla, ar nag cur síos na neisiompláir, ag fulang péine na teineadh síorruidhe.

8. Achd fós mar an gcéudna saluighid an dreamsa tré na gcodladh an cholann, agus cuirid úachdaránachd a dtarcuisne, agus do níd anchaint ar an luchd agá bhfuil áirdcheannas.

9. Gidheadh Míchael an tarchaingeal, an tan do chathuigh sé a nadhuigh an díabhail agus do rinne sé diosbóireachd a dtimchioll chuirp Mháoise, níor lamh sé breath mhasluigheach do bhreith air, achd a dubhairt sé, Go nimdhearga an Tíghearna thú.

10. Achd do níd an dreamsa ancháint ar na neithibh nach aithnidh dhóibh: agus gidh bé neither ar a bhfuil eólas nadúrtha aca, do réir na nainmhinnteadh gan réusun, truáillid íad féin ionnta.

11. Budh hanáoibhinn dóibh! óir do leanadar lorg Cháin, agus do chúadar amúgha tré mhéalltóireachd thúarasduil Bhálaaim, agus do sgriosadh iad tré bheith dhóibh comhchonntrardha re Córe.

12. As buill cháidheacha íad so ann bhur bhféusduighibh grádga, an tan bhíd ar fhéusda maille ribh, dá mbeathughadh féin gan fhaitcheas ar bith: neóill gan uisge, dá mbreith fá gcuáirt ris na gáothuibh; crainn do mheath, ar nach bhfuil toradh, do éug fá dhó, ar na mbuáin as a bhfréumhach;

13. Garbhthonna fairge, sgeitheas a náire féin amhuil chúbhar; réulta seachráin, fá chómhair a bhfuil an dorchadas fíordhorcha dá thaisge go síorruidhe.

14. Agus do rinne Enoch fós, an seachdmhadh pearsa ó Adhamh, fáidheadóireachd ar a samhuil so, ag rádh, Féuch atá an Tíghearna ag teachd gon a mhíltibh náomh,

15. Chum breitheamhnuis do dhéunamh ar na huile dháoinibh, agus dimdheargadh gach a bhfuil neimhdhíagha na measg ar son na nuile ghníomharthadh neimhdhíagha do rinneadar go neimhdhiagha, agus ar son gach uile dhrochfhócal dar labhradar na peacuich neimhdhíagha na aghuidh.

Léigh chaibidil críochnaithe Iudais 1