Caibidlí

  1. 1

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iudais 1 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Ag gríosadh búanus a gcreidimh, tairrghirionn sé deire dólasach na bhfaigheadh cluáineach.

1. Iudas, searbhfhoghantuighe Iósa Críosd, agus dearbhráthair Shéumuis, chum na druinge atá ar na ngairm, ar na náomhadh ó Dhía Athar, agus ar na gcoimhéud fá chomhair Iósa Críosd:

2. Trócaire, síothcháin, agus grádh, go raibh maille ribh go ro líonmhar.

3. A dhearbhráithre grádhacha, ar ndéunamh a nuile dhitchill damh ar sgríobhadh chuguibh a dtimchioll an tslánuighthe choitchinn, do bhí na riachdanus oram sgríobhadh chuguibh, chum bhur dteaguisg fá chathúghadh go dithchiollach ar son an chreidimh tugadh éunuáir amháin do na náomhuibh.

4. Oír tangadar dáoine áirighe, neimhdhíagha, ar téultogh a steach, noch do bhí fadá ó shin roimh láimh orduighthe chum an bhreitheamhnuis so, noch iompoigheas grás ar Ndé a neamhghloine, agus shéunas an táon Mhaighisdir, Día, agus ar Dtíghearna Iósa Críosd.

5. Ar a nadhbharsin is mían leam bhur ccur a gcuimhne, ar bhfagháil a fheasa éunúir amháin, an tan do sháor an Tighearna, an pobal ó Néigipt, gur sgrios sé na dhiáigh sin an dream nár chreid.

6. Na haingil mar an gcéudna nár choimhéid an cheúd sdaid ann a rabhadar, achd do fhág a nionad comhnuighe féin, do choimhéid sé íad a ngeimhlibh síorrúidhe fá dhorchadas chum breitheamhnuis an láe mhóir.

7. Do réir mar atá Sodom agus Gomorra, agus na caithreacha na dtimchioll, noch do lean do dhrúis air an modh céudna sin, agus do lean dainmhíanuibh coimhthigheacha na colla, ar nag cur síos na neisiompláir, ag fulang péine na teineadh síorruidhe.

8. Achd fós mar an gcéudna saluighid an dreamsa tré na gcodladh an cholann, agus cuirid úachdaránachd a dtarcuisne, agus do níd anchaint ar an luchd agá bhfuil áirdcheannas.

9. Gidheadh Míchael an tarchaingeal, an tan do chathuigh sé a nadhuigh an díabhail agus do rinne sé diosbóireachd a dtimchioll chuirp Mháoise, níor lamh sé breath mhasluigheach do bhreith air, achd a dubhairt sé, Go nimdhearga an Tíghearna thú.

10. Achd do níd an dreamsa ancháint ar na neithibh nach aithnidh dhóibh: agus gidh bé neither ar a bhfuil eólas nadúrtha aca, do réir na nainmhinnteadh gan réusun, truáillid íad féin ionnta.

11. Budh hanáoibhinn dóibh! óir do leanadar lorg Cháin, agus do chúadar amúgha tré mhéalltóireachd thúarasduil Bhálaaim, agus do sgriosadh iad tré bheith dhóibh comhchonntrardha re Córe.

12. As buill cháidheacha íad so ann bhur bhféusduighibh grádga, an tan bhíd ar fhéusda maille ribh, dá mbeathughadh féin gan fhaitcheas ar bith: neóill gan uisge, dá mbreith fá gcuáirt ris na gáothuibh; crainn do mheath, ar nach bhfuil toradh, do éug fá dhó, ar na mbuáin as a bhfréumhach;

13. Garbhthonna fairge, sgeitheas a náire féin amhuil chúbhar; réulta seachráin, fá chómhair a bhfuil an dorchadas fíordhorcha dá thaisge go síorruidhe.

14. Agus do rinne Enoch fós, an seachdmhadh pearsa ó Adhamh, fáidheadóireachd ar a samhuil so, ag rádh, Féuch atá an Tíghearna ag teachd gon a mhíltibh náomh,

15. Chum breitheamhnuis do dhéunamh ar na huile dháoinibh, agus dimdheargadh gach a bhfuil neimhdhíagha na measg ar son na nuile ghníomharthadh neimhdhíagha do rinneadar go neimhdhiagha, agus ar son gach uile dhrochfhócal dar labhradar na peacuich neimhdhíagha na aghuidh.

16. As luch monmhuir, agus gearáin an dreamsa, bhíos ag siúbhal réir a nainmhían féin; agus agá labhrann a mbéul neithe aidhbhéil, maille ré bheith dhóibh ag déunamh iongantuis do phearsánuibh dáoineadh do ghrádh éudála.

17. Gidhéadh, bíodh coímhna aguibhse a chaired, ar na bríathruibh noch do labhradar apsduil ar Dtíghearna Iósa Críosd roimhe só;

18. Eadhon go ndúbhradh ribh go mbíadh luch sgige sa naimsir dheigheanuigh, ag siúbhal do réir a nainmhían neimhdhíagha féin.

19. A síad so an dream sgaras íad féin ré gách, agus íad colluidhe, gan an Spiorad.

20. Achd ar mbeith dhíbhse, a chaired, dhá bhur bhfollamnughadh féin ann bhur gcreideamh ró náomhtha, maille ré bheith dhíbh ag urnuighe sa Sbiorad Náomh,

21. Coimhéuduigh sibh féin a ngrádh Dé, ag súil ré trócaire ar Dtíghearna Iósa Críosd chum na beatha marthannuigh.

22. Agus bíodh truáighe aguibh do dhruing áirighe, ar ndéunamh eidirdhealuighe dhíbh eatorra:

23. Agus sáoruidh dream eile ré faitcheas, dá dtarruing as an dteine; agus fos bíodh fúath aguibh do néudach atá ar na shalchadh ón gcoluinn.

24. Fá dheóigh don tí lér féidir bhur gcoimhéud ar oilbhéim dfagháil, agus bhur gcur a bhfíadhnuise a ghlóire féin gan choir ar bith maille ré rogháirdeachais,

25. Don náon Ndía eagnuighe na áonar ar Slánaightheóir, glóir agus mórghachd, neart agus cúmhachda, a nois agus go sáoghal na sáoghal. Amén.