Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hephesiánach 3:1-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Ar a nadhbharsa atáimse Pól, um bhráighe Díosa Críosd ar bhur sonsa a Chíneadhacha,

2. Má chuálabhair feadhmanntas ghrás Dé tugadh dhamh bhur dtáobhsa:

3. Oir gur fhoillsigh sé dhamh do réir thaisbéunta an rúindíamhair; mar do sgríobh mé roimhe go haithghearr;

4. As ar féidir libh, ar na léughadh dhíbh, meólussá a rúindíamhair Chríosd do thuigsin,

5. Noch sna haimsearruibh eile nár foillsigheadh do chlannuibh na ndáoine, do réir mar atá sé a nois ar na fhoillsiughadh dá absdaluibh náomtha agus da fháidhibh trés an Spioruid;

6. Eadhon go mbeidís na Cineadhacha na gcomhoighridhibh, agus na gcomhchorp, agus rannpháirteamhuil ann a gheallamhnasan a Gcríosd trés an soisgéul:

7. Ar a ndearnadh minisdir dhíomsa, do réir thiodhluice ghrás Dé tugadh dhamh maille ré hoibriughadh bríoghmhar a chúmhachdsan.

8. Dhúmhsa, is lúgh na an tí as lúgha do na huile náomhuibh, do tugadh an grás so, eadhon saidhbhreas dóchúartuigthe Chríosd do shoisgéulughadh a measg na Gcineadhach.

9. Agus a fhoillsiughadh do na huile dháoinibh créd é cumann ná rúindiamhra, noch do bhí folaighthe ó thus an domhain a Ndía, noch do chrúthuigh na huile neither tré Iósa Críosd:

Léigh chaibidil críochnaithe Hephesiánach 3