Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hephesiánach 3 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Gradh Chríosd ro iongantach, a soillsiughadh na Cineadhach ainbfiosach.

1. Ar a nadhbharsa atáimse Pól, um bhráighe Díosa Críosd ar bhur sonsa a Chíneadhacha,

2. Má chuálabhair feadhmanntas ghrás Dé tugadh dhamh bhur dtáobhsa:

3. Oir gur fhoillsigh sé dhamh do réir thaisbéunta an rúindíamhair; mar do sgríobh mé roimhe go haithghearr;

4. As ar féidir libh, ar na léughadh dhíbh, meólussá a rúindíamhair Chríosd do thuigsin,

5. Noch sna haimsearruibh eile nár foillsigheadh do chlannuibh na ndáoine, do réir mar atá sé a nois ar na fhoillsiughadh dá absdaluibh náomtha agus da fháidhibh trés an Spioruid;

6. Eadhon go mbeidís na Cineadhacha na gcomhoighridhibh, agus na gcomhchorp, agus rannpháirteamhuil ann a gheallamhnasan a Gcríosd trés an soisgéul:

7. Ar a ndearnadh minisdir dhíomsa, do réir thiodhluice ghrás Dé tugadh dhamh maille ré hoibriughadh bríoghmhar a chúmhachdsan.

8. Dhúmhsa, is lúgh na an tí as lúgha do na huile náomhuibh, do tugadh an grás so, eadhon saidhbhreas dóchúartuigthe Chríosd do shoisgéulughadh a measg na Gcineadhach.

9. Agus a fhoillsiughadh do na huile dháoinibh créd é cumann ná rúindiamhra, noch do bhí folaighthe ó thus an domhain a Ndía, noch do chrúthuigh na huile neither tré Iósa Críosd:

10. Ionnus go ndéantáoi a nois follas trés a neagluis éagna éugsamhuil Dé dúachdaránuibh agus do chúmhachduibh ar neamh,

11. Do réir an réimhchinnidh shíorruidhe noch do rinne sé a Níosa Críosd ar Dtíghearna:

12. As a bhfuil dánachd aguinn agus slighe ré dhul a steach maille ré dóthchas tré chreideamh annsan.

13. Uime sin iarruim dathchuinghe gan sibh do dhul a nanbhfainne tré mo bhuáidhearthuibhse ar bhur sonsa, noch as glóir dháoibhse.

14. Ar a nadhbharsa filleam mo ghlúine Dathair ar Dtíghearna Iósa Críosd,

15. As a nainmnighthear a nuile athardhachd air neam agus air talamh.

16. Ionnus go dtíubhradh sé dhibh, do réir shaidhbhris a ghlóire, bheith láidir neartmhar tré na Sbioruid sa duine don táobh a stigh;

17. Ionnus go ndéanadh Críosd comhnuidhe tré chreideamh ann bhur gcroidhthibh:

18. Ionnas ar mbeith díbh, ar bhur bhfréumhughadh agus ar bhur bfonndameantughadh a ngrádh, go madh féidir libh a choimsiúghadh maille ris na huile náomhuibh créd é an leithead, agus an fad, agus an doimhne, agus an aired;

19. Agus eólus ro oirdheirc ghrádha Chríosd do bheith aguibh, chum go lionfuidhe sibh ré huile iomláine Dé.

20. Uime sin don tí lér féidir na huile neithe do dhéunamh go hiomarcach tar mar iarrmuid nó mar smuáinemíd, do réir an chúmhachd oibrigheas ionnain,

21. Don tí sin glóir sa neagluis tré Iósa Críosd ó dhíne go dine, go sáoghal na sáoghal. Amén.