Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hephesiánach 1 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil I

Iarraidh Pól ar Dhía, iad do thuigsin gur thogha iad ná noighre ar a Ghlóir.

1. Pol, absdal Iósa Críosd tré thoil Dé, chum na náomh ata an sa Nephesus, agus chum na druinge chreideas a Niósa Críosd:

2. Grása maille ribh, agus siothcháin, ó Dhía ar Nathair, agus ón Dtighearna Iosa Críosd.

3. Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtighearna Iósa Críosd, noch do bheannuidh sinn lé gach uile bheannachdadh sbioralta sna neíthibh neamhdha a Gcríosd:

4. Amhuil do thógh sé sinn annsan, sul do chrúthuigheadh an dómhan, ionnus go mbéimís náomhtha agus neimhchiontach dhá lathairsion a ngrádh:

5. Agus do réimhchinn sé dhúinne bheith aige féin a náit cloinne tré Iósa Críosd ar a shon féin, do réir dheaghfhuinn a thola féin,

6. Chum molta glóire a ghrás, tré a ndéarna sé sinne grásamhuil an a Mhac ghrádhach.

7. Iona bhfuil fuásgladh aguinn tré na fhuil, (maithmheachas na boeacadh,) do réir sháidhbhris a ghrássan:

8. Tré ar lion sé chuguinne a nuile eagna agus thuisge;

9. Ag foillsiughadh dhúinne ruindíamhair a thola, do réir dhéaghfhuinn féin noch do chuir sé roimhe ris féín:

10. A miniosdralachd choimhlíonta na haimsire na huile neithe a Ccríosd, noch atá ar neamh, agus ar talamh, do chruiniughadh a gceann a chéile; annsan:

11. Ann a bhfuilmidne toghtha, air ar réimhchinneadh réir órduighthe an tí oibrigheas na huile neither réir chomhairle a thola féin, noch ann ata fós oirigheachd aguin:

12. Ionnas go mbemísne lér tosuigheadh dóigh do bheith aguinn a Gcríosd, chum molta a ghlóiresion.

13. Ann a bhfuil bhur ndóíghse mar an gcéudna, ar gclos bréithre na fírinne dhíbh, shoisgéil bhur slánaighthe: trér cuireadh fós séula oruibh íar gcreideamh dháoibh, tré Sbiorad náomhthá na geallamhna.

14. Agár ab é is geall connartha dar noighreachdne go teachd duinne a seilbh ar sáoirsi, chum moltá a ghlóiresion.

15. Uíme sin, ar gclos dámhsa mar an gcéudna an chréidimh atá aguibhse sa Dtíghearna Iósa, agus an ghrádh do na huile náomhuibh,

16. Ní sguirim dá bheith ag breith bhuígheachais ar bhur son, ag coimhniughadh oruibh um urnuighibh;

17. Ionnus go dtíubhradh Día ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na glóire, Sbiorad éagna agus foillsighe dháoibh chum eision dadmháil:

18. Ag soillsiughadh súl bhur ccroidhe; chum a fheasa do bheith aguibh créud í muinighin a ghlóire a óighreachda sna náomhuibh,

19. Agus créd é roimhéud a chúmhachd dár dtáoibhne an dream chreideas, do réir oibriughadh a mhóirneirt,

20. Noch do oibrigh sé a Gcríosd, an tan do thóg sé súas ó mharbhuidh, agus do shuighidh sé é ar a dheis féin air neamh.

21. Go hard ós cionn gach uile úachdáranachda, agus chúmhachd, agus neirt, agus thighearnuis, agus gach uile anma dá nainmnighthear, ní sa tsáoghalsa amháin, achd mar an gcéudna sa tsáoghal atá chum teachda:

22. Agus do chuir sé na huile neither síos fá na chósuibh, agus tug sé na cheann é ós cionn na nuile don neagluis,

23. Noch atá na corp aige, na cóimhlíonadh ag an tí chóimhlíónas na huile sna huilibh.