Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hephesiánach 1:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Pol, absdal Iósa Críosd tré thoil Dé, chum na náomh ata an sa Nephesus, agus chum na druinge chreideas a Niósa Críosd:

2. Grása maille ribh, agus siothcháin, ó Dhía ar Nathair, agus ón Dtighearna Iosa Críosd.

3. Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtighearna Iósa Críosd, noch do bheannuidh sinn lé gach uile bheannachdadh sbioralta sna neíthibh neamhdha a Gcríosd:

4. Amhuil do thógh sé sinn annsan, sul do chrúthuigheadh an dómhan, ionnus go mbéimís náomhtha agus neimhchiontach dhá lathairsion a ngrádh:

5. Agus do réimhchinn sé dhúinne bheith aige féin a náit cloinne tré Iósa Críosd ar a shon féin, do réir dheaghfhuinn a thola féin,

6. Chum molta glóire a ghrás, tré a ndéarna sé sinne grásamhuil an a Mhac ghrádhach.

7. Iona bhfuil fuásgladh aguinn tré na fhuil, (maithmheachas na boeacadh,) do réir sháidhbhris a ghrássan:

8. Tré ar lion sé chuguinne a nuile eagna agus thuisge;

9. Ag foillsiughadh dhúinne ruindíamhair a thola, do réir dhéaghfhuinn féin noch do chuir sé roimhe ris féín:

10. A miniosdralachd choimhlíonta na haimsire na huile neithe a Ccríosd, noch atá ar neamh, agus ar talamh, do chruiniughadh a gceann a chéile; annsan:

Léigh chaibidil críochnaithe Hephesiánach 1