6. Agus tárla dhamh, ar mo thuras, ar rochdain damh go gar do Dhamascus timcheall mheadhóin láoi, gur dheallruigh solus mór ó neamh go hobann am thimcheall.
7. Agus do thuit mé ar talamh; agus do chúaluidh mé gúth dá rádh rium, A Sháuil, a Sháuil, créd fá ngérleanann tú mé?
8. Agus do fhreaguir misi, Cia thú féin, a Thighearna? Agus a dubhairt seisean rium, As misi Iósa Nasardha ar a bhfuil tusa ag gérleanmhuin.
9. Agus na dáoine do bhí am fhochair do chunncadar an solas go deimhin, agus do ghabh eagla íad; gidheadh ní chúaladar gúth an té do labhuir rium.
10. Agus a dubhairt mé, Créd do dhéuna mé, a Thighearna? Agus a dubhairt an Tighearna rium, Eirigh, agus imthigh go Damascus; agus inneósdar dhuit ann sin gach uile ní dár hórduigheadh dhuit dó dhéunamh.