Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 22:25-30 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

25. Agus mar do cheangladar é lé cordadhuibh, a dubhairt Pól ris an gcaiptín do sheas a láthair, An cóir dháoibhsi Rómhánach a sgíursadh, agus gan é ar na dhamnadh?

26. Agus ar na chlós so don chaiptín, do chuáidh sé a gceann a núachdaráin, agus dfoillsigh sé sin dó, ag rádh, Tabhair dod aire créd atá tú dhéunamh: óir is Rómhánach an fearso.

27. Ann sin ar dteachd do núáchdarán chuige, a dubhairt sé ris; Innis damhsa, an Rómhánach thú? Agus a dubhairt seisean, A seadh.

28. Agus do fhreaguir an túachdarán, As mór an tsuim ar a bhfuáir misi sáoirsi na caithreach sin. Agus a dubhairt Pól, Achd is ann a rugadh misi.

29. Ar a nadhbharsin an luchd do bhí ar tí a sgíursaighe do imthigheadar úadh ar an mball: agus mar an gcéadna do ghabh eagla an túachdarán, ar bhfagháil a fheasa gur Rómhánach é, agus go dtug sé fa deara a cheangal.

30. Agus ar na mhárach ar mbeith dhó fonnmhair air dheimhin sgéul dfagháil créd í an choir do chuirfidis na Iúdaighe na aghuidhsion, do sgáoil sé é ó na chuibhrighibh, agus tug sé aithne dúachdaráin na sagart agus dá gcomhairle uile teachd do lathuir, agus ar dtabhairt Phóil amach, do chuir sé ann a bhfíadhmuisi é.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 22