Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 22:16-28 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Agus a nois créd do bheir ag déunamh moilee thú? éirigh, gabh baisdeadh chugad, agus bí ar do ghlanadh ód pheacadhaibh, ar ngairm ar ainm an Tighearna.

17. Agus tárla, an tan do fhill mé go Hiarusalém, agus do rinne mé urnaighe ann sa teampoll, go ndeachaidh mé a néull;

18. Agus do chunnairc mé eisean dá rádh rium, Déuna deithbhir, agus imthigh go tapuidh as Iárusalém: óir ní ghéubhuid síad chuca thfíadhnuisi am thimcheallsa.

19. Agus a dubhairt misi, A Tighearna, as aithne dhóibhséan go gcuirinnsi a bpriosún an lión do chreideadh ionnadsa agus go ngabhainn orrtha ann gach uile shínagóg:

20. Agus a núair dóirteadh fuil do mhairtír Steaphán, do bhi misi a láthair, agus dáontuigh mé chum a mharbhtha, agus do choimhéud mé éudaighe na muinntire do mharbh é.

21. Agus a dubhairt seisean rium, Imthigh romhad: óir cuirfidh misi ag céin thú chum na Gcineadhach.

22. Agus déisdeadarsan ris gus an bhfocalsin, achd ann sin do thógbhadar a ngúth os áird, ag rádh, Beir uáinn don talamh a lethéid so do dhuine: óir ní cóir a bheith na bheathuidh.

23. Agus an tan do éighmheadar, agus do theilgeadar a néuduighe dhíobh, agus do theilgeadar luaithreadh sa naiér,

24. Do aithin an túachdarán eisean do bhreith don chaisléun, agus a dubhairt sé fios sgéul do bhuáin lé sgíursaidhibh dhe; do chum go mbeith a fhios aige créd é an tadhbhar fár éighmheadar mar sin na aghuidh.

25. Agus mar do cheangladar é lé cordadhuibh, a dubhairt Pól ris an gcaiptín do sheas a láthair, An cóir dháoibhsi Rómhánach a sgíursadh, agus gan é ar na dhamnadh?

26. Agus ar na chlós so don chaiptín, do chuáidh sé a gceann a núachdaráin, agus dfoillsigh sé sin dó, ag rádh, Tabhair dod aire créd atá tú dhéunamh: óir is Rómhánach an fearso.

27. Ann sin ar dteachd do núáchdarán chuige, a dubhairt sé ris; Innis damhsa, an Rómhánach thú? Agus a dubhairt seisean, A seadh.

28. Agus do fhreaguir an túachdarán, As mór an tsuim ar a bhfuáir misi sáoirsi na caithreach sin. Agus a dubhairt Pól, Achd is ann a rugadh misi.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 22