17. Agus tíocfuigh chum críche ann sna laéthibh déigheanacha (a deir Día,) dóirtfidh mé dom Spiorad féin air gach uile fheóil: agus do dhéunuid bhur mic agus bhur ningheana fáidheadóireachd, agus do chífid bhur nógánaigh taisbéunta, agus bhur seandáoine aislingthe:
18. Agus fós doirtfidh mé dom Spiorad féin ar mo shearbhfhoghantuidhibh agus air mo bhanóglachuibh ann sna laéthibhsin; agus do dheanuid faidheadoireachd:
19. Agus foillseochuidh mé iongantuis ar neamh shúas, agus comarthaidhe ar a dtalamh shíos; fuil, agus teine, agus gal deatuighe:
20. Iompóchar an ghrían a ndorchadas, agus an ghealach a bhfuil, suil thiocfas ab lá mór oirdheirc sin an Tighearna:
21. Agus tiocfuidh chum críche, gidh bé ghuídhfeas ainm an Tighearna sláineochthair é.
22. Eísdigh na bríathrasa, a chlann Israél; Iósa Nasarrdhá, duine dearbhtha ó Dhía eadruibhsi maille lé cúmhachduibh agus lé miórbhailibh agus le comharthaidhibh; noch do rinne Día thrídsean eadruibhse, mar is aithne dhibh féin:
23. An fearso, ar mbeith ar na thoirbhirt tré chomhairle chinte agus tré réimhfheachuin Dé, do ghabh sibhse, agus ar na chéasadh lé lamhaibh drochdháoine do mharbhabhair é:
24. Noch do thóg Día súas, íar sgáoileadh dhoilghis an bháis: ar a nadhbhar nar bhéidir don bhás a chungbháil.
25. Oír a deir Dáibhi na thimcheallsan, Do chunnairc mé an Tighearna am fhíadhnuisi do ghnáth, óir atá sé ar mo láimh dheis, ionnus nach ccorróchtháoi mé:
26. Ar a shon so do bhí mo chroidhe go súbhach, agus do rinne mo theanga lúathgháire; agus na cheann sin suaimhneóchuidh mfeóil a ndóthchas:
27. Ar a nadhbhar nach bhfúigfe tú manam a nifearn, agus ní fhuileónga tú do Aón Náomhtha féin truáillidheachd dfaicsin.
28. Dfoillsigh tú dhamhsa slighthe na beatha; líonfuidh tú mé do ghairdeachus léd ghnúis féin.
29. A fheara agus a bhraithreacha, is éidir leamsa labhairt go dána ribh a dtimcheall an phatriárc Daibhí, go bhfuil sé tair éis bháis agus ar na adhlacadh, agus atá a thúama eadruinne gus an lá a niu.
30. Ar a nadhbharsin ar mbeith na fháidh dhó, agus a fhios aige go dtug Día móid dhó maille lé mionnuibh, go dtóigfeadh sé Críosd súas, do shíol a leasruighsion, do réir na féola, agus go ccuirfeadh sé na shuídhe ann a chatháoirsean é;
31. Ar na réumhfhaicsin dó do labhair sé a dtimcheall eiséirghe Chríosd, nach bhfúigfithi a anam a nifearn, agus nach bhfaicfeadh a cholann trúailleadh.