Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 18:20-28 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

20. Agus an tan díarradar air fuireach na bhfochair ní as faide, níor áontaigh seisean.

21. Achd dfag beannachd aca, ag rádh, Is éigin dámhsa go deimhin an tsollomuin so chugainn do dhéunamh a Niarusalém: achd más toil lé Día é, fillfidh mé chuguibhsi a rís. Agus do shéol sé ó Ephesus.

22. Agus ar ndul dó síos go Seasaréa do chuáidh sé súas, agus ar mbeannughadh do neagluis dó, do chuáidh sé síos go Hantíochia.

23. Agus ar fanmhuin dó ar feadh tamuill do imthigh sé roimhe, agus do shiobhuil sé a nórdughadh ar feadh chríche na Galátia agus Phrígia, ag neartughadh na ndeísciobal uile.

24. Agus táinig Iúdaighe áirighe go Hephesus, dár bhainm Apollos, rugadh a Nalecsándria, fear deaghlabhartha, do bhi cúmhachdach ann sna sgríobtúiribh.

25. Do bhí an fear so ar na theagusg a slighe an Tighearna; agus ar mbeith dhó ar fiuchadh sa spioruid, do labhuir agus do theaguisg sé go dithcheallach neithe a dtimcheall an Tighearna, agus gan déolus aige achd baisdeadh Eoin amháin.

26. Agus do thionnsgain sé labhuirt go dána ann sa tsinagóig: agus an tráth do chúaluidh Acuila agus Priscilla é, rugadar léo chuca féin é, agus dfoillsigheadar slighe Dé dhó ní as diongmhála.

27. Agus an tan do báil leis dul go Hacháia, do sgriobhadar na bráithre, chúm na ndeisciobal dá mbrosdughadh air eision do ghabháil chuca: agus, ar dteachd dhó ann sin, tug sé furtachd mór don líon do chreid tré ghrásuibh:

28. Oír do rinne sé diosbóireachd mhór sháoithreach a bhfíadhnuisi an phobuil ris na Iúduighibh, dá fhoillsiughadh as na sgríobtúiribh gur bhé Iósa an Críosd.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 18