11. Agus dfan seisean blíadhuin agus sé mhí, ag teagusg bhréithre Dé na measg.
12. Agus an trath do bhí Gallio na úachdarán a Nachaía do éirgheadar na Iuduidhe déuntoil a naghuidh Phóil, agus rugadar go cathaóir ar bhreitheamhnuis é.
13. Ag rádh, Táirrgidh an fear so lé na bhríathraibh na daoine chum Dé onórughadh, a naghaidh an dlighe.
14. Agus an tan do shantuigh Póla bhéul dosgladh, a dubhairt Gallio ris na Iuduidhibh, Dá madh éagcoir ar bith nó droch ghniomh é, a Iudaighe, budh cóir go niomchóruinn libh.