18. Agus ma threóruighthear sibh ris an Sbiorúid, ni bhfuilti fáoi an réachd.
19. Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas,
20. Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd,
21. Tnúth, dúnmharbhadh, meisge, cráos, agus a samhail sin: ar a labhruim ribh roimh láimh, amhuil do innis mé dháoibh roimhe, nach bhfuighe an drung do ní a samhail so óighreachda rioghachda Dé.
22. Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh,
23. Macántas, measardhachd: ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.
24. Oír an drung as le Críosd do cheusadar an cholan maille ré na toil agus ré na míanghusuibh.