Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galatiánach 5 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil V

Saóirse na gcreidmheach tré Chríosd; ag coimhsheasamh, 3 ní a ngnás an tseínréachd, agus pheacaidh, 5 achd a ngrádh Spiorúid Dé, agus ionnracuis.

1. Uime sin seasuidh sa tsáoirse léur sháor Críosd sinn, agus ná bíghidh a rís ar bhur gcreapall ré cuing ná dáoirse.

2. Féuch, a deirimse Pól ribh, dá dtimchillghearrthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd.

3. Oír do ním dfíadhnuisi a rís do gach áon thimchillghearrthar, go bhfuíl dfíachuibh air an réachd uile do choímhlíonadh.

4. Atá an mhéid aguibh sháorthar trés an réachd, ar bhur ndealughadh ré Críosd; so thuiteabhair ó ghrás.

5. Oír atámuidne trés an Sbiorúid ó chreideamh ag fuireach ré dóthchas na fíreuntachda.

6. Oír a Niósa Críosd ní bhfuil éifeachd ar bith a dtimchillghearradh, ná a neamhthimchillghearradh; achd a gcreideamh oibrigheas tré ghrádh.

7. As maith do riothabhair; cía chuir tóirmeasg oruibh fá bheith úmhal do mfhírinne?

8. Ní on tí ghoireas sibh tháinic an brosdughadh so.

9. Géuridhe beagán laibhín an táos uile.

10. Atá muinighin agumsa asuibh sa Dtighearna, nách bíadh sibh ar atharach inntinne: gidheadh an tí chuíreas buáidhreadh oruibh biáidh sé fá bhreith dhamanta, gidh bé ar bith é.

11. Agus a dhearbhráíthre, má nímse mar an gcéudna an timchillghearradh do sheanmóir, créud fá bhfuil gérleanmhuin fós dá dhéunamh oram? go deimhin atá sgannuil na croithe ar na cur ar gcúl.

12. Do bfearr leam fós an drung chuireas míoshúaimhneas oruibh ga mbeidís ar na ngearradh uáibh.

13. Oír, a dhearbhráithre, as chum sáoirsi do goireadh sibh; amháin ná déunuidh an tsáoirse na cionfátha don choluinn, achd bíghidh féin ag seirbhís do chéile tré ghrádh.

14. Oír coimhliontár an réachd uile a náoinbhréithir amháin, ann so; Grádhuigh do chomharsa mar thú féin.

15. Achd dá raibh sibh ag crine agus ag slughadh a cheile, tabhruidh aire ribh nách ccnáoithear sibh ré chéile.

16. Uime sin a deirim, Siúbhluidh sa Sbiorúid, agus ní choimhlionfuidh sibh núanghus na colla.

17. Oír bí míanghus na colla a nadhuigh na Sbíoruidhe a nadhuigh na colla: agus atáid so contrárdha dhá chéile: ionnas nach féidir libh na neithe as mían ribh do dhéunámh.

18. Agus ma threóruighthear sibh ris an Sbiorúid, ni bhfuilti fáoi an réachd.

19. Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas,

20. Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd,

21. Tnúth, dúnmharbhadh, meisge, cráos, agus a samhail sin: ar a labhruim ribh roimh láimh, amhuil do innis mé dháoibh roimhe, nach bhfuighe an drung do ní a samhail so óighreachda rioghachda Dé.

22. Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh,

23. Macántas, measardhachd: ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.

24. Oír an drung as le Críosd do cheusadar an cholan maille ré na toil agus ré na míanghusuibh.

25. Más beó dhúinn sa Sbiorúid, siubhlam mar an gcéudna sa Sbiorúid.

26. Ná bíodh dúil a nglóir dhiomháoin aguinn, ag cur chathuighe ár a chéile, ag tnúth ré chéile.