Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galatiánach 5:14-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

14. Oír coimhliontár an réachd uile a náoinbhréithir amháin, ann so; Grádhuigh do chomharsa mar thú féin.

15. Achd dá raibh sibh ag crine agus ag slughadh a cheile, tabhruidh aire ribh nách ccnáoithear sibh ré chéile.

16. Uime sin a deirim, Siúbhluidh sa Sbiorúid, agus ní choimhlionfuidh sibh núanghus na colla.

17. Oír bí míanghus na colla a nadhuigh na Sbíoruidhe a nadhuigh na colla: agus atáid so contrárdha dhá chéile: ionnas nach féidir libh na neithe as mían ribh do dhéunámh.

18. Agus ma threóruighthear sibh ris an Sbiorúid, ni bhfuilti fáoi an réachd.

19. Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas,

20. Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd,

21. Tnúth, dúnmharbhadh, meisge, cráos, agus a samhail sin: ar a labhruim ribh roimh láimh, amhuil do innis mé dháoibh roimhe, nach bhfuighe an drung do ní a samhail so óighreachda rioghachda Dé.

22. Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh,

23. Macántas, measardhachd: ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.

24. Oír an drung as le Críosd do cheusadar an cholan maille ré na toil agus ré na míanghusuibh.

25. Más beó dhúinn sa Sbiorúid, siubhlam mar an gcéudna sa Sbiorúid.

26. Ná bíodh dúil a nglóir dhiomháoin aguinn, ag cur chathuighe ár a chéile, ag tnúth ré chéile.

Léigh chaibidil críochnaithe Galatiánach 5