12. Do bfearr leam fós an drung chuireas míoshúaimhneas oruibh ga mbeidís ar na ngearradh uáibh.
13. Oír, a dhearbhráithre, as chum sáoirsi do goireadh sibh; amháin ná déunuidh an tsáoirse na cionfátha don choluinn, achd bíghidh féin ag seirbhís do chéile tré ghrádh.
14. Oír coimhliontár an réachd uile a náoinbhréithir amháin, ann so; Grádhuigh do chomharsa mar thú féin.
15. Achd dá raibh sibh ag crine agus ag slughadh a cheile, tabhruidh aire ribh nách ccnáoithear sibh ré chéile.
16. Uime sin a deirim, Siúbhluidh sa Sbiorúid, agus ní choimhlionfuidh sibh núanghus na colla.
17. Oír bí míanghus na colla a nadhuigh na Sbíoruidhe a nadhuigh na colla: agus atáid so contrárdha dhá chéile: ionnas nach féidir libh na neithe as mían ribh do dhéunámh.
18. Agus ma threóruighthear sibh ris an Sbiorúid, ni bhfuilti fáoi an réachd.