Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galatiánach 2 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil II

Pól ag leanmhuin ar a thúras 4 agus ag deimhniughadh an tsoisgeil. 7 Mar theachdair na Gcineadhach; amhuil Peadur, na Niúduigheach.

1. Agus a gcionn cheithre mhlíadhan déug na dhiáigh sin do chuáidh mé súas a rís go Hiarusalem ma ráon ré Barnabas, ar mbreith Thítuis riom mar an gcéudna um chuideachda.

2. Agus is do réir thaisbéunta do chuáidh mé súas, agus do chuir mé a gcéill dóibh an soisgéul do ním a sheanmóir a measg na Gcineadhách, achd don druing dob óirdheirce aca air leith, deagla a gcáil ar bith go riothfuinn go diomhaóin, no gur riothas.

3. Achd fós níor cuireadh dfíachuibh ar Thítus, do bhí um chuideachda, a thimcheallgearradh, bíodh go raibh sé na Ghréugach.

4. Agus sin ar son na ndearbhráithreach bhfallsa do bhí ar dteoltógh a steach, noch do théultóigh a steach do bhrath na saóirse atá aguinn a Níosa Chríosd chum ar mbreith fá dhaóirse:

5. Dá nach dtugamar urraim, ar feadh úaire amháin; ionnus go bhfanfadh fírinne an tsoisgéil aguibhse.

6. Agus ón druing air a saóiltear cáil éigin oirdhearcuis do bheith, (gidh bé mar do bhádar róimhe so, ní bheanann sé dhamhsa: ní ar phearsainn dhuine bhíos mea sag Día: oír) an dream shaóiltear do bheith oirdheirc, níor chuireadarr bárr ar mo theagusgsa:

7. Achd go contrárdha dhó sin, ar bhfaicsin dóibh gur táobhadh soisgéul an nemthimchillghearrtha leamsa, mar do táobhadh soisgéul an timchiollghearrtha lé Peadar;

8. (Oír an té do oibrigh go heífeachtach) do Pheadar chum absdaltachda an timchillghearrtha, doibrigh sé dhamhsa mar an gcéudna do tháobh na Gcineadhach:

9. Agus na naithne do Shéumus, agus do Chéphas, agus Déoin, ar a bhfuil meas bheith na bposduighibh an grás do tugadh dhamh: tugadar a lámh dheas a ccrúth chumainn damhsa agus do Bharnaba; chum sinne dimtheachd chum na ccineadhach, agus íad féin chum an timchíllghearrtha.

10. Achd amháin go mbíádh cuímhne aguinn ar na bochduibh; an ní céudna agá raibh mé féin dúthrachdach chum a dhéunta.

11. Agus an tan tháinic Peadar go Hantíochia, do sheas mé an adhuigh a éuduin, óir do thuill sé a spreagadh.

12. Oír sul tangadar dream áirighe ó Shéumas, do chaith sé bíadh a bhfochair na Gcineadhach: achd tár éis teachd dóibh, do dhéultó sé agus do sgar sé ríu, ar mbeith eaglach dhó roimh an luchd do bhí don timchiollghearradh.

13. Agus do bhádar an chuid eile do na lúduighibh mar an gcéadna ag cluáinereachd na fhochair; ionnas gur tháirrngeadar Barnabas fós ré na gcluáin.

14. Achd an tan do chonnairc misi nách í an tslighe dhíreach do shíubhladar chum fírinne an tsoisgéil, a dubhairt mé ré Peadar na bhfíadhnuisis uile, Má atá tusa, agus tú ad Iúduighe, ag caitheamh do bheatha réir na Gcineadhach, agus ní réir na Níuduigheadh, créd fá gcuireann tú dfíachuibh ar na Cineadhachuibh aithris do dhéunamh ar na Iúduighibh?

15. Inne atá ar Níuduighibh ó nadúir, agus ní ar bpeacthachuibh do na Cinéadhachuibh,

16. Ar mbeith fhios aguinn na sáorthar duine tré oibrighibh an reachda, achd tré chreideamh Iósa Críosd, do chreideamairne a Níosa Críosd mar an chreidamh Chríosd, agus ní tré oibrighibh an reachda: do bhrígh nach sáorfuighthear feóil ar bith tré oibrighibh an reachda.

17. Agus má, gheibhthear sinne ar bpeacthachuibh, agus sin nag íarruidh ar sáortha a Gcríosd, a né go bhfuil Críosd na mhinisdir ag an bpeacadh? nar léige Día sin.

18. Oír má thógbhuim súas a rís na neithe do leag mé síos do leag mé síos, do ním ciontach mé féin.

19. Oír atáimse trés an reachd marbh don reach, ionnus go mbéinn béo do Dhía.

20. Do céusadh mé má ráon ré Críosd: gidheadh atáim beo; bíodh nach misi feasda, achd Críosd atá béo ionnam: agus an bheatha chaithim a nois sa gcoluinn is tré chreideamh Mhic Dé chaithim í, noch do ghrádhuigh mé, agus tug é féin ar mo shon.

21. Ní ag cur ghrás Dé ar gcúl atáim: oír má thig trés an reachd fíréuntachd, is gan adhbhar fuáir Críosd bás.