Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galatiánach 2:10-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Achd amháin go mbíádh cuímhne aguinn ar na bochduibh; an ní céudna agá raibh mé féin dúthrachdach chum a dhéunta.

11. Agus an tan tháinic Peadar go Hantíochia, do sheas mé an adhuigh a éuduin, óir do thuill sé a spreagadh.

12. Oír sul tangadar dream áirighe ó Shéumas, do chaith sé bíadh a bhfochair na Gcineadhach: achd tár éis teachd dóibh, do dhéultó sé agus do sgar sé ríu, ar mbeith eaglach dhó roimh an luchd do bhí don timchiollghearradh.

13. Agus do bhádar an chuid eile do na lúduighibh mar an gcéadna ag cluáinereachd na fhochair; ionnas gur tháirrngeadar Barnabas fós ré na gcluáin.

14. Achd an tan do chonnairc misi nách í an tslighe dhíreach do shíubhladar chum fírinne an tsoisgéil, a dubhairt mé ré Peadar na bhfíadhnuisis uile, Má atá tusa, agus tú ad Iúduighe, ag caitheamh do bheatha réir na Gcineadhach, agus ní réir na Níuduigheadh, créd fá gcuireann tú dfíachuibh ar na Cineadhachuibh aithris do dhéunamh ar na Iúduighibh?

15. Inne atá ar Níuduighibh ó nadúir, agus ní ar bpeacthachuibh do na Cinéadhachuibh,

16. Ar mbeith fhios aguinn na sáorthar duine tré oibrighibh an reachda, achd tré chreideamh Iósa Críosd, do chreideamairne a Níosa Críosd mar an chreidamh Chríosd, agus ní tré oibrighibh an reachda: do bhrígh nach sáorfuighthear feóil ar bith tré oibrighibh an reachda.

17. Agus má, gheibhthear sinne ar bpeacthachuibh, agus sin nag íarruidh ar sáortha a Gcríosd, a né go bhfuil Críosd na mhinisdir ag an bpeacadh? nar léige Día sin.

18. Oír má thógbhuim súas a rís na neithe do leag mé síos do leag mé síos, do ním ciontach mé féin.

19. Oír atáimse trés an reachd marbh don reach, ionnus go mbéinn béo do Dhía.

Léigh chaibidil críochnaithe Galatiánach 2