Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galatiánach 2:1-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus a gcionn cheithre mhlíadhan déug na dhiáigh sin do chuáidh mé súas a rís go Hiarusalem ma ráon ré Barnabas, ar mbreith Thítuis riom mar an gcéudna um chuideachda.

2. Agus is do réir thaisbéunta do chuáidh mé súas, agus do chuir mé a gcéill dóibh an soisgéul do ním a sheanmóir a measg na Gcineadhách, achd don druing dob óirdheirce aca air leith, deagla a gcáil ar bith go riothfuinn go diomhaóin, no gur riothas.

3. Achd fós níor cuireadh dfíachuibh ar Thítus, do bhí um chuideachda, a thimcheallgearradh, bíodh go raibh sé na Ghréugach.

4. Agus sin ar son na ndearbhráithreach bhfallsa do bhí ar dteoltógh a steach, noch do théultóigh a steach do bhrath na saóirse atá aguinn a Níosa Chríosd chum ar mbreith fá dhaóirse:

5. Dá nach dtugamar urraim, ar feadh úaire amháin; ionnus go bhfanfadh fírinne an tsoisgéil aguibhse.

6. Agus ón druing air a saóiltear cáil éigin oirdhearcuis do bheith, (gidh bé mar do bhádar róimhe so, ní bheanann sé dhamhsa: ní ar phearsainn dhuine bhíos mea sag Día: oír) an dream shaóiltear do bheith oirdheirc, níor chuireadarr bárr ar mo theagusgsa:

7. Achd go contrárdha dhó sin, ar bhfaicsin dóibh gur táobhadh soisgéul an nemthimchillghearrtha leamsa, mar do táobhadh soisgéul an timchiollghearrtha lé Peadar;

Léigh chaibidil críochnaithe Galatiánach 2