Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 9:18-33 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

18. Uime sin níor chreideadar na Iúdaidhe úadh, go raíbh sé dall, agus go bhfuáir sé a radharc, nó gur ghoireadar athair agus mathair an té fuáir a radharc.

19. Agus dfíafruigheadar dhíobh, ag rádh, An né so bhur macsa, noch a deirthí rugadh dall? ar a nadhbharsin cionnas do chí sé a nóis?

20. Do fhreaguir a athair agus a mhathair íád agus a dubhradar, Atá dheimhin aguinn gur ab é so ar mac, agus go rugadh dall é:

21. Achd cionnas do chí sé, a nois ní fios dúinn; nó cía dosguil a shúile, ní bhfuil a fhios aguinne: Atá áois aige; fiafruighidh dhe fein: freigeoruidh sé ar a shon féin.

22. A dubhairt a athair agus a mhathair na bríathrasa, ar eagla na Niudaidheadh: óir do órduigheadar na Iúdaidhe roimhe sin, gidh bé daidmhéochadh gur bheisean Críosd, a chur as an tsinagoig.

23. Ar a nadhbharsin a dubhradar a athair agus a mhathair, Atá aois aige; fiafruighidh dhe féin.

24. Ann sin do ghoireadarsan an dara húair an duine do bhí dall, agus a dubhradar ris, Tabhair glóir do Dhía: atá a dheimhin aguinne gur ab peacthach an duinesi.

25. Do fhreagair seision agus a dubhairt sé, Más peacthach é, ní bhfuil a fhios agamsa: atá fios a náoin neithesi agam, go raibh mé dall, agus go bhfaicim a nois.

26. Agus a dubhradarsan ris arís, Créd do rinne sé riot? cionnas dosguil sé do shúile.

27. Do fhreaguir seisean iád, Dinnis mé dhíbh cheana, agus níor éisdeabhuir: créud fa niátháoi a chloisdin a rís? an mían libhsi leis bheith bhur ndeisciobluibh aige?

28. Uime sin tugadar aithis dó, agus a dubhradar, Bísi ad dheisciobal aige; achd is do Mháoisi is deisciobail sinne.

29. Atá a fhios aguinne gur labhuir Día ré Máoisi; achd ní bhfuil a fhios aguinn, gá has don fhearsa.

30. Do fhreagair seisean, agus a dubhairt sé riú, Ata ní iongantach ann so, nach bhfuil a fhios aguibhsi gá has dó, agus gur osguil sé mó shúilesi.

31. Achd atá a fhios aguinn nach éisdeann Día na peacthuidh: achd má bheir duine onoír do Dhía, agus má ní sé a thoil, éisdidh sé an fearso.

32. Ní clos ó thósach an tsáoghail gur osguil éainneach súile duine do rughadh dall.

33. Muna mbíadh an fearso ó Dhía, níor bhéidir leis ní ar bith a dhéunamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 9