Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 9:16-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Uime sin a dubhradar cuid do na Phairisíneachuibh, Ní ó Dhía an duinesi, óir ní chongbhann sé an tsabbóid. A dubhradar cuid eile, Cionnus as éidir lé duine peacthach a léithéid so do chomharthadhuibh a dhéunamh? Agus do bhi siosma eatorra.

17. A deirid síadsan a rís ris a dall Creud í do bharamhuil don té úd, ar son gur osguil sé do shúile? Agus a dubhairt seisean, Is fáidh é.

18. Uime sin níor chreideadar na Iúdaidhe úadh, go raíbh sé dall, agus go bhfuáir sé a radharc, nó gur ghoireadar athair agus mathair an té fuáir a radharc.

19. Agus dfíafruigheadar dhíobh, ag rádh, An né so bhur macsa, noch a deirthí rugadh dall? ar a nadhbharsin cionnas do chí sé a nóis?

20. Do fhreaguir a athair agus a mhathair íád agus a dubhradar, Atá dheimhin aguinn gur ab é so ar mac, agus go rugadh dall é:

21. Achd cionnas do chí sé, a nois ní fios dúinn; nó cía dosguil a shúile, ní bhfuil a fhios aguinne: Atá áois aige; fiafruighidh dhe fein: freigeoruidh sé ar a shon féin.

22. A dubhairt a athair agus a mhathair na bríathrasa, ar eagla na Niudaidheadh: óir do órduigheadar na Iúdaidhe roimhe sin, gidh bé daidmhéochadh gur bheisean Críosd, a chur as an tsinagoig.

23. Ar a nadhbharsin a dubhradar a athair agus a mhathair, Atá aois aige; fiafruighidh dhe féin.

24. Ann sin do ghoireadarsan an dara húair an duine do bhí dall, agus a dubhradar ris, Tabhair glóir do Dhía: atá a dheimhin aguinne gur ab peacthach an duinesi.

25. Do fhreagair seision agus a dubhairt sé, Más peacthach é, ní bhfuil a fhios agamsa: atá fios a náoin neithesi agam, go raibh mé dall, agus go bhfaicim a nois.

26. Agus a dubhradarsan ris arís, Créd do rinne sé riot? cionnas dosguil sé do shúile.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 9