Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 6:8-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. A dubhairt áon dá dheisciobluibh, Aindrías, dearbhrathair Shíomoin Peadair ris,

9. Atá búachuill beag áirighe an so agá bhfuilid cúig aráin eórna, agus dá iásg bheaga: achd créud iád sin eidir an uiread so?

10. Agus a dubhairt Iósa, Tábhruidh fá deara do na dáoinibh suidhe síos. Agus do bhí mórán féir ann sa náitsin. Do shuidheadar na dáoine siós, a nuimhir timcheall chúig míle.

11. Agus do ghlac Iósa na haráin; agus ar mbreith buidheachus, do roinn sé ar na deisciobluibh, agus na deisciobail ar na cuibhreannuibh iád; agus mar an ccéudna fós do na hiásgaibh beaga an mhéid dob áill léo.

12. Agus an tan do sásadh iád, a dubhairt sé ré na dheisciobluibh féin, Cruinnighidh an sbruileach do bhí diomarcuigh, do chum nach rachadh éin ní amugha.

13. Ar a nadhbharsin do chruinnigheadar, agus do líonadar dhá chlíabh dhéug do sbrúileach do na cúig haránuibh éorna, do bhí dfuighleach ag an muinntir a dith.

14. Ar a nadhbharsin an tan do chunncadar na dáoine sin, an comhartha do rinne Iósa, a dubhradar, As é so gó fírinneach an fáidh úd do bhí chum teachda air a tsáoghal.

15. Ar a nadhbharsin a nuáir do aithin Iósa go raibh síad air tí theach agus breith air chum ríogh do dhéunamh dhé, dimthigh sé a rís ar a tslíabh na aónar.

16. Agus an tan thaínig an tráthnóna, do chúadar a dheisciobail siós chum na faírrge,

17. Agus ar ndul a luing dhóibh, do chúadar tar fairrge go Capernaúm. Agus do bhí dorchadus ann a nuáirsin, agus nó tháinig Iósa chuca.

18. Agus déirigh an fhairrge ag séideadh do gháoith mhóir.

19. An tan do rinneadar iomramh timcheall a cúig no a deich fichead do sdáidibh, do chunncadar Iósa ag siobhal ar an bhfairrge, agus ag drud ris an luing: agus do ghabh eagla iad.

20. Achd a dubhairt seisean riú, Is misi ata ann; ná bíodh eagla oruibh.

21. Ar a nadhbharsin do ghabhadar chuca é go toileamhail do luing: agus ráinig an lung do láthair don tír ann a rabhadar ag dul.

22. An lá na dhíagh sin, do chunnairc an slúagh do sheas ar an dtáobh thall don fhairrge nach raibh long ar bith eile ann sin, achd a náon long úd ann a ndeachadar a dheisciobailsion, agus nach deachaidh Iósa lé na dheisciobluibh don luing, achd gur imthigheadar a dheisciobail na náonar;

23. Agus tangadar longa beaga eile ó Thibérias láimh ris an áit an ar itheadar an tarán, tar éis an Tighearna bhreith buidheachuis:

24. Ar a nadhbharsin an tan do chunnairc an slúagh nach raibh Iósa, ná a dheisciobail ann sin, do chúadarsan leis a luing, agus tangadar go Capernáum, ag iarruidh Iósa.

25. Agus ar na fhagháil dóibh ar an dtáoibh thall don fhairrge, a dubhradar ris, A Mhaighisdir, gá húair thaínig tú ann so?

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 6