63. As é an spiorad bheódhaigheas; ní bhfuil tarbha ar bith sa bhfeóil: na bhríathra labhruimsi ribh, is spiorad, agus as beatha iád.
64. Achd atáid dream dhíbhsi nach ccreideann. Oír do aithin Iósa ó thus cía hiád an dream nar chreid, agus cía bhí chum a bhraithte.
65. Agus a dubhairt sé, Is ar a nadhbharsin a dubhairt mé ribh, nach éidir lé háoinneach teachd chugamsa, muna raibh sé ar na thabhairt dó ó Mathair.
66. O sin amach do chúadar mórán dá dheisciobluibh tar a nais, agus níor shíobhladar ní sa mhó leis.
67. Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ris an dá fheardhéug, A nail libhsi leis imtheachd?
68. Ann sin do fhreagair Síomon Peadar é, A Thighearna, cía chuige a rachamáois? as agadsa ataíd bríathra na beatha marrthanuighe.
69. Agus créidmídne agus atá a fhios aguinn gur tusa Críosd, Mac Dé bhí.
70. Do fhreagair Iósa dhóibh, An é nar thoghasa sibhsi an dá fhear dhéug, agus atá fear agaibh na dhíabhal?
71. Achd is ar Iúdas Iscariót mhac Siomoín do labhair sé: oír do bhí fáoi so eision do bhrath, ar mbeith na áon don dá fhear dhéug dhó.