60. Ar a nadbharsin, ar na gcloisdin so, do mhórán dá dheisciobluibhsion, a dubhradar, As crúaidh an comhrádh so; cía lér ab éidir éisdeachd ris?
61. Agus ar na aithne Díosa ann féin go rabhadar a dheisciobail ag monbhar uime so, a dubhairt sé riú, An ttugann so oilbhéim dhíbh?
62. Cread cheana má chíthí Mac an duine ag dul suás ann sa naít a raibh sé ar tús?
63. As é an spiorad bheódhaigheas; ní bhfuil tarbha ar bith sa bhfeóil: na bhríathra labhruimsi ribh, is spiorad, agus as beatha iád.
64. Achd atáid dream dhíbhsi nach ccreideann. Oír do aithin Iósa ó thus cía hiád an dream nar chreid, agus cía bhí chum a bhraithte.
65. Agus a dubhairt sé, Is ar a nadhbharsin a dubhairt mé ribh, nach éidir lé háoinneach teachd chugamsa, muna raibh sé ar na thabhairt dó ó Mathair.
66. O sin amach do chúadar mórán dá dheisciobluibh tar a nais, agus níor shíobhladar ní sa mhó leis.