56. Gidh bé itheas mféoil, agus ibheas mfuil, comhnuighidh sé ionnamsa, agus misi ann san.
57. Mar do chuir an Táthair béo misi uádh, agus mhairimsi trés a Nathair: as mar sin fós gidh bé itheas misi, mairfidh sé fós thríom.
58. Ag so an tarán do thuirrling ó neamh: ní mar ditheadar bhur naithresi an manna, agus fuáradár bás: an té itheas an tarán so mairfidh sé go bráth.
59. A dubhairt sé na neithesi ann sa tsionagóg, an tan do theagaisg sé a Gcapernáum.
60. Ar a nadbharsin, ar na gcloisdin so, do mhórán dá dheisciobluibhsion, a dubhradar, As crúaidh an comhrádh so; cía lér ab éidir éisdeachd ris?
61. Agus ar na aithne Díosa ann féin go rabhadar a dheisciobail ag monbhar uime so, a dubhairt sé riú, An ttugann so oilbhéim dhíbh?
62. Cread cheana má chíthí Mac an duine ag dul suás ann sa naít a raibh sé ar tús?
63. As é an spiorad bheódhaigheas; ní bhfuil tarbha ar bith sa bhfeóil: na bhríathra labhruimsi ribh, is spiorad, agus as beatha iád.
64. Achd atáid dream dhíbhsi nach ccreideann. Oír do aithin Iósa ó thus cía hiád an dream nar chreid, agus cía bhí chum a bhraithte.
65. Agus a dubhairt sé, Is ar a nadhbharsin a dubhairt mé ribh, nach éidir lé háoinneach teachd chugamsa, muna raibh sé ar na thabhairt dó ó Mathair.